dtómhasfar chúghaibh, agus curfar tuille leis. 25Óir an t‑é go bhfuil aige tabharfar tuille dhó, agus an t‑é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige.
26Agus dubhairt sé: Sin mar atá rígheacht Dé, fé mar a chaithfeadh duine an síol sa talamh, 27Agus go mbeadh sé ag dul a chodladh agus ag eirighe gach n‑oídhche agus gach lá, agus go mbeadh an síol ag préamhú agus ag fás a gan fhios dó. 28Óir tugann an talamh a thoradh i n‑aisge, an geamhar ar dtúis, ansan an dias, ansan an t‑arbhar iomlán sa déis. 29Agus nuair a thugann sé an toradh uaidh, cuireann seisean an corán ann láithreach mar tá an fóghmhar buailte leis.
30Agus dubhairt sé: Cad leis go samhlóchaimíd rígheacht Dé? nó cad í an tsoluíd le n‑a gcuirfeam i gcomparáid é? [1]31Mar an ngráinne síl mustáird, nuair a curtar é sa talamh gur lúgha é ’ná aon tsíol eile d’á bhfuil sa talamh, 32Agus nuair a curtar é, agus go n‑eirígheann sé, go mbíonn sé níos mó ’ná aon ghlasara eile, agus go dtagann géaga móra air i dtreó go bhféadaid éanlaithe an aeir cómhnuidhe dhéanamh fé n‑a sgáth.
33Agus i mórán soluídí de’n tsórd san do labhair sé leó an briathar fé mar a dh’fhéadadar éisteacht leis. 34Agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; ach do mhínigh sé gach aon rud d’á dheisgiobulaibh i leith taoibh.
35Agus dubhairt sé leó an lá san, nuair a bhí an déanaighe ann: Téighmís anonn treasna. 36Agus chuireadar uatha na daoine agus thógadar leó é, mar a bhí sé, isteach sa luing, agus bí loingeas eile i n’fhochair. 37Agus d’eirigh stoirm mór ghaoithe, a bhí ag cur na dtonn isteach sa luing i dtreó go raibh an long d’á líonadh. 38Agus bhí sé féin i ndeire na luinge, agus é ’n‑a chodladh ar adhart; agus dúisighid é, agus deirid: A Mháighistir, an cás leat é go bhfuilimíd d’ár mbáthadh? 39Agus d’eírigh sé agus do smachtuigh sé an ghaoth, agus dubhairt sé leis an bhfaraige: Éist, bí ciúin. Agus do tháinig ciúnas mór. 40Agus dubhairt sé leó-san: Cad fá an t‑eagla so oraibh? Ná fuil
- ↑ Mait. xiii. 31; Lúc. xiii. 19.