Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/106

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
96
Caib. IV. 13
MARCUS

sar a ndéanfidís chóidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dóibh.[* 1] 13Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh ná tuigeann sibh an tsoluíd sin? Má seadh, conus a thuigfidh sibh na soluídí go léir? 14An t‑é a chuireann an síol isé an briathar a chuireann sé. 15An mhuintir i n‑aice an bhóthair, sin iad an mhuintir, nuair a curtar an briathar agus go gcloisid siad é, go dtagann an namhaid láithreach agus go dtógann sé chun suibhail an briathar a cuireadh mar shíol ’n‑a gcroidhthibh. 16Agus mar an gcéadna an mhuintir a ghlacann an síol ins na clochaibh, siniad an mhuintir, nuair a dh’airighid siad an briathar, a ghlacann láithreach é le h‑áthas, 17Agus ní’l an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an cath d’á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid siad sgannal láithreach. 18Agus tá daoine agus glacaid siad an síol ameasg na sgeach; siniad na daoine a dh’éisteann leis an mbriathar, 19Agus tagann cúram an tsaoghail isteach, agus [1]mealladh saidhbhris, agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é. 20Agus an mhuintir a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siniad an mhuintir a dh’éisteann leis an mbriathar, agus do ghlacann é agus do thugann toradh uatha, duine fó thriochad, duine fó thrí fichid, agus duine fó chéad.

21Agus dubhairt sé leó: An chuige thagann an lóchrann soluis chun go gcurfí fé bhéal árthaigh é, nú fé leabaidh? 22Nách anáirde ar choinnleóir a curtar é? Óir ní’l rud i bhfolach ná tabharfar chun soluis, agus níor deineadh rún de ach i dtreó go nochtfaí e. 23Má tá cluasa chun aireachtaint ag aoinne airigheadh sé.

24Agus dubhairt sé leó: Féach cad a dh’airigheann sibh. An tómhas ’n‑a dtómhaisfidh sibh, siné an tómas ’n‑a

  1. 1 Tim. vi. 17.
  1. Ver. 12. “ag féachaint dóibh go bhfeichfidís.”—Mar dhibhfeirg ortha toisg a súile a bheith dúnta go toilteanach acu, chimeád Dia uatha, fé mar a bhí tuillte acu an solus agus na grásta a bhí le fághail acu dá n‑úmhluíghdís iad féin, agus thabharfadh na grásta san agus an solus san chun a leasa iad.