Chromas ar na gamhna iasachta, dar liom, do dheighilt amach ó n‑ár mbuaibh féin agus do chomháint soir abhaile. Ní raighdís soir dom. Pé dícheal a dhéanfainn ar iad a chomaint soir ní raighdís soir dom. Chonaic an mhuintir eile mé agus iad ag obair i bPáirc na n‑Abhan. Bhíodar ag faire orm agus iad ag gáirí. D’innseadar dom ar ball gur linn féin na gamhna a bhí agam ’á chomáint chun siúbhail. Is amhlaidh a bhí na gamhna imthighthe as m’ aithne toisg mé bheith as baile chómh mór. Do castí liom go minic ’n‑a dhiaigh san an dearmhad a dheineas. “Siné,” a deirtí, “an buachaill nár aithin a ghamhna féin!”
Lá éigin eile d’á dtánag abhaile bhí cúpla gabhar le tabhairt adtuaidh ó Leaba Dhiarmuda.
“Raghad-sa agus tabharfad liom iad,” arsa mise. Bhí an fonn orm chun an chnuic do shiúbhal. Chuireas an cnuc ó-thuaidh díom. Do shuidheas ar Fhaill na bhFiach ag féachaint uaim síos agus ag féachaint am’ thímpal ar na sléibhtibh. Nuair a bhí tamall maith caithte ansan agam bhuaileas an cnuc siar agus thugas tamall am’ shuidhe i n‑áit eile. Fé dheire chuas síos go dtí an áit ’n‑a raibh an dá ghabhar. Bhíodar ceangailte dh’á chéile. Chomáineas rómham iad an cnuc suas i dtreó go bhféadfainn teacht cómhgar an chnuic abhaile leó. B’fhearra dhom gur bh’ é an tímpal a gheóbhainn, soir go Caraig an Stáca, mar a raibh an cosán fé m’ chois agam. Ní h‑é sin a dheineas, ach aghaidh a thabhairt ar an gcnuc. Ní raibh fhios agam go raibh oiread de’n lá caithte agam ag féachaint am’ thímpal. Um an dtaca ’n‑a rabhas féin agus na gabhair ar mhullach an chnuic bhí sé i n’ oídhche dhubh. I dteannta é bheith i n’ oídhche dhubh bhí ceó tagaithe ar an gcnuc. Leis an ndoircheacht agus leis an gceó is ar éigin fhéadainn na gabhair a