Page:Mo sgeal fein.djvu/84

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


X
SIUBHAL NA GCNUC

Ó’n uair a thosnuigheas ar na teangthachaibh d’fhoghluim i Maghchromtha bhínn thuas sa bhaile go minic. Théighinn abhaile gach aon tSatharn, agus ansan thagainn anuas airís ar maidin Dé Luain. D’á éaghmuis sin bhínn thuas sa bhaile nuair a tugtí laethanta saoire do lucht na sgoile. Do leanadh na laethanta saoire cúpla seachtmhain nó trí. An fhaid a bhínn sa bhaile bhínn ag obair ar an bheirm bheag i dteannta na cod’ eile de’n chlainn. Thug san taithíghe mhaith dhom ar gach aon tsaghas oibre sglábhaidheachta dhéanamh. Bhíos ábalta ar ráinn do láimhseáil nó ar shluasaid do láimhseáil. Ní h-anamh a bhí teinneas am’ ghéagaibh agus am’ dhrom ó bheith ag baint fhéir le speil, nó ag baint mhóna le sleán, nó ag baint choirce le corán. Bhí fhios agam an ’mó dias a dhéanfadh teidhal agus an ’mó teidhal a dhéanfadh dórnán, agus an ’mó dórnán a dhéanfadh punan. Bhí fhios agam conus súiste do chasadh agus láithreán arbhair do bhualadh, gach ’re mbuille i gcoinnibh buailteóra eile, agus mo bhuille do bhualadh ar an gcuma dob’ fhearr chun an ghráinne bhaint as an dtuighe.

Uaireanta is ag aedhreacht a curtí mise nuair a bhíodh an chuid eile ag obair. Deirtí liom go bhféadfainn bheith ag gabháil do’n leabhar i dteannta na h-aedhreachta dhéanamh. Is cuimhin liom lá agus mé ag déanamh na h-aedhreachta go bhfeaca gamhna iasachta i dteannta na mbó. Thall ar an muing mbig a bhí na ba agam. Cheapas, nídh nár bh’ iongnadh, gur anoir ó bhuaibh na Cathairíneach a tháinig na gamhna iasachta.