Page:Mo sgeal fein.djvu/74

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


chreideamhaint a thabhairt dómh-sa mar gheall air sin. An t-eólus a tugadh dómh-sa sa bhaile ar leabhraibh agus ar léighean an Bhéarla níor tugadh dóibh-sin riamh é.

I mBóthar na Sop, i dtigh fir n-ar bh’ ainim do Seághan ua Séadha, iseadh bhínn ar lóisdín. Bhí aithne aige féin agus agam’ athair ar a chéile. Fear fial deagh-chroídheach ab eadh é. Níor thóg sé aon leathphinne díoluigheachta riamh as mo lóisdín, agus bhíos ann tamall maith, cúpla bliain nó trí. Théighinn suas abhaile go Lios Caragáin gach aon tSatharn. Tá mac do’n Seághan ó Séadha céadna san sa tsráid chéadna san ’na chómnuighe anois, agus Seághan ua Séadha is ainim dó, agus tá sé chómh bunúsach chómh creideamhnach d’fhear agus atá le fághail sa bharúntacht.

Tar éis raint aimsire bheith caithte agam sa sgoil sin Mhichil de Bhál i Maghchromtha, ní cuimhin liom anois i gceart cad é mhéid aimsire, do labhair Micheál de Bhál le m’ athair. Bhuaileadar suas Bóthar na Sop le cois a chéile agus iad ag caint.

“Is mór go léir an truagh,” arsa Micheál, “gan caoi thabhairt do’n gharsún san ar na teangthachaibh a dh’fhoghluim. Ní’l a thuille agam-sa le múineadh dhó, ’sé sin a thuille go mbéadh aon tairbhe dhó ann. Agus an méid atá múinte agam dó,” ar seisean, “cad é an tairbhe dhó anois é má’s thuas sa bhaile cheapan tú é choimeád?”

D’innis m’ athair dó go n-airigheadh sé mise ’ghá rádh i gcómhnuighe riamh gur bh’ fhearr liom ’ná a bhfeaca riamh gur am’ shagart a bheinn.

“Ach cad é an mhaith bheith ag trácht air sin,” ar seisean, “agus gan aon bhreith agam-sa ar chailleamhaint leis chun sagairt a déanamh dé!”

“Ní bhéadh an chailleamhaint chómh mór i n-aon chor