Page:Mo sgeal fein.djvu/73

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


bhí le Malachi aige. Bliain díreach ó’n lá a bheannuigh Dómhnall do Dhiarmuid do bhuail an bheirt umá chéile airis.

“Dia ’s Muire dhuit, a Dhómhnaill uí Dhúbhgáin”, arsa Diarmuid.

Thug Dómhnall a chúl leis agus bhuail sé thairis, díreach mar a dhein Diarmuid an chéad lá úd. Bliain eile díreach ó’n lá san do bhuail an bheirt umá chéile an trímhadh h-uair.

“Ó, Dia ’s Muire ’s Pádraig duit, a Dhiarmuid uí Thuathaig!” arsa Dómnall, díreach mar a déarfadh sé dá mba an neómat san a bhéadh Diarmuid tar éis beannughadh dhó. Má thug Diarmuid bliain gan labhairt thug Dómhnall bliain gan freagairt. Do gháir an bheirt go sultmhar agus bhíodar ana mhuinteardha le n-a chéile as san amach.

Tháinig an t-am chuige, agus an chaoi air, agus do cuireadh síos go Maghchromtha mé go dtí an sgoil a bhí ag fear d’ár bh’ ainim Micheál de Bhál. Bhí an sgoil chómh maith san go dtagadh sgoláirí chúichi ó’n ndúthaigh do léir mór-thímpal. Is cuimhin liom go maith go raibh an measgán mearaidhe céadna ar an máighistir sin a bhí ar Chormac ua Luasa i gCaraig an Ime, i dtaobh cad é an rang sa sgoil ’n-ar cheart mé chur. Bhí cuid de’n eólus ró mhaith agam d’aon rang íseal, agus gan cuid de maith a dhóithin agam do rang uachtarach. Ach do socaruigheadh an sgéal. Is cuimhin liom, leis, nuair a bhímís ag sgrúdughadh na gceacht ins na leabhraibh léighinn, go mbíodh gasradh des na buachaillíbh am’ thímpal, ag brúth isteach orm ar gach aon taobh, agus a leabhar ag gach duine acu, agus mé ’ghá innsint dóibh conus na focail do rádh agus cad é an brígh a bhíodh leó. Níor chóir, ámhthach, aon