Page:Mo sgeal fein.djvu/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
55
Trí liathróidí dubha

sgoil i Maghchromtha an uair sin, agus bhí árd cháil uirthi féin agus ar an máighistir a bhí uirthi. Is dóich liom go mb’ fhéidir go raibh Cormac ua Luasa ag caint le m’ athair agus go ndúbhairt sé leis gur mór an truagh gan mo sheans a thabhairt dom i sgoil Maghchromtha.

Tímpal na h-aimsire céadna san d’éirigh clampar dlíghe airís idir thineóntaithe an bhaile agus an máighistir. D’fhan duine des na tineóntaithe gan a chíos do dhíol nuair a bhí an cíos ag glaodhach. An t-agent a bhí os a gcionn Broderick ab ainim dó. Cladhaire rógaire ab eadh é. Do leig sé do’n fhear a bhí ag fanmhaint siar ó’n gcíos a dhíol fanmhaint siar go dtí go raibh cuid mhaith gan díol aige. Do dhein sé an méid sin i dtreó go bhféadfadh sé teacht ortha go léir leis an éileamh. Bhí súil aige go ndiúltóchaidís do’n éileamh. Bhí fhios aige go raibh cuid acu agus gur bh’ ar éigin a bhíodar ábalta ar a gcuid féin de’n chíos do chur le chéile agus gan bac do’n éileamh eile. Dá ndiúltuighdís bhéadh an léas briste, agus d’fhéadfadh sé iad go léir do chaitheamh amach, agus árdughadh cíosa dh’fhághail do’n mháighistir, agus breab mhaith a dh’fhághail dó féin as gach feirm bheag d’á dtabharfadh sé do thineóntaidhe nua.

Do chuir na tineóntaithe le chéile agus do chosnadar an dlígh. Chuireadar le chéile, ach ba dheacair leó cur le chéile. Thagaidís chun ár dtíghe-na ag déanamh cómhairle, mar b’ é an tigh ba chómhgaraighe dhóibh go léir é. Is cuimhin liom go maith lá agus iad bailighthe istigh sa tigh againn. Thugadar an lá go léir ag caint agus do theip ortha socarughadh ar cad ba cheart dóibh a dhéanamh.

“Tá sé i n’ oídhche,” arsa duine acu. “Tá sé chómh maith againn dul abhaile anois agus teacht anso airís