Page:Mo sgeal fein.djvu/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
23
RÓGAIRÍ

feóil an mhaidean san, nó indé roimis sin, nó seachtmhain roimis sin, do bhéadh an leath-sgéal a bhí uaidh aige. D’fhéadfadh sé a rádh, “Bíon feóil le n-ithe agaibh-se gach aon tseachtmhain. Taisbeánan san go bhfuil mo chuid tailimh-se agaibh ró shaor. Caithfidh sibh tuille cíosa thabhairt dom.” Ach nuair ná raibh ag an leanbh le maoidheamh ach gur ith sé smut de ghé fadó nuair a bhí an Nodlaig ann, do baineadh na cosa glan ó aon leath-sgéal chun cíosa d’ árdughadh. Siné an rud a chuir ag gáirí iad go léir. Do gháir an duin’uasal féin, ach is dóich liom gur bh’ í “gáire Sheághain dóighte” an gháire a dhein sé. Do sgaoil sé uaidh mé tapaidh go maith ar aon chuma. Níor theastuigh a thuille de’n ghé uaidh.

Ní dóich liom gur fhéad sé an cíos a dh’árdughadh an uair sin. Bhí léas ag na tineóntaithibh ar an dtalamh. Níor bh’ uiriste an cíos a dh’ardughadh ortha go dtí go dtuitfeadh an léas. Mar sin féin ámhthach, léas mí-ádhbharach ab eadh é. Léas i bpáirt ab eadh é. Thug san ana bhúntáiste do’n mháighistir. Dá bhfágadh duine des na tineóntaithibh a chíos gan díol, d’fhéadfadh an máighistir a chur fhiachaibh ar an gcuid eile é dhíol thar a cheann.

Sa bhliain d’aois an Tighearna míle ocht gcéad a h-aon, (1801) iseadh do deineadh an léas. An uair sin díreach iseadh bhí “aimsir Bhonaparte” ag tosnughadh. Níor bh’fhada go raibh airgead mór le fághail ar gach aon rud a bhí ag an bhfeirmeóir le díol. Do thuig an máighistir an méid sin, agus bhí a chroídhe briste mar gheall ar an léas a bheith ann ’ghá chosg ar aon árdughadh cíosa. Do chrom sé féin agus an t-agent a bhí aige ar an uile shaghas uisge-fé-thalamh a dhéanamh féachaint an bhféadfaidís an léas do bhriseadh. Sidí