isteach ’n-a dhiaigh. Bhí m’ athair ar dhuine de’n mhuintir a tháinig isteach. Isé do chuir an chathaoir i lár an tíghe do’n duin’uasal chun go suidhfeadh sé uirthi. Ní raibh focal a’ h-aoinne. Ní bhíodh sgáth ná eagal orm féin an uair sin roim aon tsaghas duine, uasal ná íseal, murabh’ ionan a’s roimis an ngandal úd. Siúd anonn mé agus do sheasuigheas ar aghaidh an duin’uasail amach.
“Good morrow, Mr. Saunders!” arsa mise leis, go fáilteach.
“Oh, good morrow, boy! good morrow, boy!” ar seisean, agus do rug sé ar ghualainn orm agus tharaing sé chuige mé go rabhas idir a dhá ghlúin aige.
“Tell me, my boy,” ar seisean, “did you eat any meat to-day?”
“Don’t you know,” arsa mise, láithreach bonn, “that I ate a piece of a goose long ago, when it was Christmas!”
Mheasas go dtuitfeadh an t-anam tur teith as a raibh láithreach le neart gáirí. Do gháir an duin’uasal féin, leis, agus do sgaoil sé uaidh mé.
Is cuimhin liom an méid sin anois chómh maith, chómh glan, agus dá mba indé nó seachtmhain ó shin a thuitfeadh sé amach. Is cuimhin liom, leis, go dian mhaith an iongnadh a tháinig orm nuair a chonac ag cur an anama amach ag gáirí iad go léir, agus ná feaca féin go raibh aon chúis gháirí sa méid adúbhart. Tháinig lá, tamall ’n-a dhiaigh san, agus do thuigeas go h-áluinn cad a chuir ag gáirí iad.
Chun an chíosa d’ árdughadh ortha go léir iseadh tháinig an “máighistir” an uair sin. Nuair a chuir sé chúgham-sa an cheist i dtaobh na feóla is amhlaidh a bhí sé ag lorg leath-sgéil. Dá n-abrainn-se gur itheas