chroídhe ar an nduin’uasal Gallda Henry Labouchère. Bhí súsa aige ’n-a charáiste féin agus súsa de chlúmh ana dhaor ab eadh é. Nuair a bhí cruinniughadh ag sgaipeadh agus gach aon rud tré n-a chéile, bhí Labouchère deimhnightheach ná feicfeadh sé an súsa breagh go deó airís. Tháinig sé chun na h-áite ’n-a raibh an caráiste. Fuair sé an súsa ann roimis, gan aon nídh imthighthe air ach raint daoine dhé agus ’ghá rádh leó féin gur dheacair d’aon fhuacht dul tríd isteach.
“Seadh!” arsa Labouchère, “dá mba thall i Lúndain, nó i n-aon áit eile sa domhan, a thuitfeadh an méid sin amach dómh-sa, is ró bheag an bhreith a bhéadh agam ar mo shúsa dh’fheisgint airís! Deirim anois, agus déarfad as so amach é; isiad muíntir na h-Éirean na daoine is macánta sa domhan.”
Chun na beirte, Liam ua Brian agus Seághan Mandeville, do thriail iseadh do shuidh an chúirt an lá san. Níor fhreagair aoinne de’n bheirt an ghlaodh, nídh nár bh’ iongnadh. Do chuir an chuirt barántas amach chun beirthe ortha agus iad do thabhairt chun lámha. Do rugadh ortha agus do cuireadh isteach i bprísún iad. Nuair a tháinig an t-am chuige do tugadh go Baile Mhistéala iad, chun na cúirte céadna, chun iad do thriail, mar ’dh eadh. Deirim “mar ’dh eadh,” mar bhíos féin ag an gcúirt agus chonac an “triail,” agus go deimhin ní raibh sa triail ach “triail mar ’dh eadh.” Do glaodhadh an chúis. B’é Liam ua Briain an prísúnach an lá san. Do glaodhadh fínné ’n-a choinnibh. An “peeler” a thóg nótaí a chainte a bhí mar fhínné ’n-a choinnibh. D’inis sé a sgéal. Thaisbeáin sé an páipéar beag ar ar sgríbh sé na nótaí.