Page:Mo sgeal fein.djvu/217

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Cad chuige an t-urchar agus gan aon namhaid ag cur ortha? Tháinig an tarna h-urchar. Do léim Seaghan Díolúin anuas de’n charáiste, agus siúd síos i dtreó an bharraic é féin agus an t-Athair Pádraig ua Ceallacháin. D’airigheas an trímhadh h-urchar. Chómh fada agus théighean mo chuimhne níor airigheas ach na trí h-urchair. Do h-innseadh dom ’n-a dhiaigh san go ndeigh Seághan Díolúin agus an sagart isteach sa bharrac agus suas chun na finneóige, thuas i mbara an tighe mar a raibh an “peeler” ar a leath ghlúin agus é ag lámhach agus ag líonadh, agus gur rug Seághan air agus gur strac sé siar ó’n bhfinneóig é. Mura mbéadh san go mbéadh a lán eile marbh aige sar a gcurfadh aoinne d’á uachtaránaibh féin cosg leis. Nuair a fuair na daoine go raibh triúr marbh, do sgaipeadar. Chuaidh na mná uaisle Gallda isteach i dtigh an tsagairt.

Do h-innseadh dom go raibh raint saighdiúirí sa tsráid agus nuair airigheadar an lámhach gur thánadar amach. Pé fear a bhí ’n-a cheann ortha chonaic sé láithreach ná raibh aon chiall leis an lámhach. Dhein sé cordon des na saighdiúiríbh a bhí aige, agus bhí na daoine ar thaobh de’n chordon agus na “peelers” ar an dtaobh eile agus choimeád sé amach ó n-a chéile iad. Mura mbéadh san do mharbhóchadh na “peelers” tuille. Bhíodar féin agus na h-uachtaráin a bhí ortha as a meabhair glan. Duine des na h-uachtaránaibh sin ab eadh an Captaen Pluincéad úd a fuair, i n-Eóchaill thoir, suím beag aimsire roimis sin, ó Bhaile Átha Cliath, an t-órdughadh úd, “Don’t hesitate to shoot.” Níor bh’ iongnadh fonn lámhaigh air.

D’airigheas ’n-a dhiaigh san gur thuit rud amach i gcaitheamh an lae sin agus gur chuir sé iongnadh a