Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/251

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

237

Blood and ouns! you broke my bones,
Ar an fear sin, ar an fear sin,
Ar san Smiler, an ḃean a ḃí ag Simon,
What’s the matter, what’s the matter?

Cá raiḃ sé féin, 's cá ċaiṫ sé a ṡaoġal
Naċ ḃfuair sé leabuiḋ, naċ ḃfuair se leabuiḋ?
Tomás. Sin é do láṫair ḃḟuil fios is feárr aige
Ní’l ḟios agam, ní'l ḟios agam.

D'éiriġ Fíḋni, agus ġlac sé snaoisin,
Agus rug sé air bata, rug sé air bata,
Agus ḃíomar a' rúsgaḋ air fud an urláir,
Go dtí an ṁaidin, go dtí an ṁaidin.

D'árduiġeaḋ an corpán air ṁuin Ṫomáis
Coṁ caol le gada, ċoṁ caol le gada,
Tugaḋ é síos, a's tugaḋ é 'níos.
Agus é teannta, agus é teannta.

Go Carraig-ḟad-ṁic-ḟeórais, go Teampoll-Ronáin
’S go h-Imleóg-Fada, (go h-Imleóg-fada),
Aċt i g-Cill-Bríġde, (tar éis an sgríp sin)
Do cuireaḋ an corpán (cuiread an corpán).

CLOĊ A'S CRANN AIR
A'S DROĊ-RÁṪ AIR!