Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/250

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

236

Tá a ġaol san áit, is maiṫ atá,
As bíoḋ sé agaiḃ, bíoḋ sé agaiḃ,
Who of his people is buried here
To claim admittance, to claim admittance.

Tomás. Ní’l ḟios agam féin cá treiḃ an leice,
Air ḋruim na beaṫa air ḋruim na beaṫa,
Aċt tá preap a’s éiġann, a’s laḃaraiḋ leisean
As fiafruiġ ḋé-sean, fiafruiġ ḋé-sean.

D’árduiġeaḋ an corpán air ṁuin Ṫomáis,
Coṁ caol le gada, ċoṁ caol le gada,
Go dtug sé an sgríp sin go Teampoll Démuis.
Agus fuair sé glas air, fuair sé glas air.

Corp. Cuartaiġ an eoċair air ċúl an dorais,
No air an mballa, no air an mballa’
uairt sé a’s fuair, a’s d’ḟosgail an doras,
Go ciúin fairsing, ciúin fairsing.

Corp. Oró Ṫomáis, óró a Ṫomáis,
Cuir mé feasta, cuir mé feasta,
Sin ṫall an spád anaġaiḋ do láiṁe,
A’s preap an talaṁ, preap an talaṁ.

Ġlac sé an spád ann a láiṁ
Agus ṗreap sé an talaṁ, ṗreap sé an talaṁ
Gur ḃris sé cnáṁa sean-ḃodaiġ Gallda
Bhí ann le fada, ḃí ann le fada.