Page:Leabhar na Polainne.djvu/99

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
LIODAN NA nOILITHREACH

A Thiarna, dein trócaire orainn; a Chríost, dein trócaire orainn.

Ar nAthir, a fhuascail do phobal a’ daorbhroid na hEigipte agus do sheol thamais isteach sa Tír Bheannuithe iad,

Beir tharnais chun ár dtíre sinn.

A Mhic Dé, a Shlánathoir, a céasadh agus a tarnáladh ar chrois, agus d’éirig ó mharbhaíbh agus atá ag rialú i nglóire,

Tóg ár n-athardha ó mharbhaíbh.

A Mháthir Dé, ar a dtugadh ár sinsear Banríoghain na Polainne agus na Lituáine,

Saor an Pholann agus an Lituáin.

A Naomh Stanaslás, a phatrúin na Polainne,

Guidh orainn.

A Naomh Casimir, a phatrúin na Lituáine,

Guidh orainn.

A Naomh Seosaphat, a phatrúin na Rúisianach,

Guidh orainn.

A chosnamhuithe naofa uile ár Républic,

Guídhidh orainn.

A’ daorbhroid na Moscobhiteach agus na nAustrianach agus na bPrúisíneach,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son martra an deich fichead míle laoch do thuit ag Bar thar ceann creidimh agus ar son saoirse,

Fuascail sinn, a Thiarna.