Page:Leabhar na Polainne.djvu/100

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
96
LEABHAR NA PÓLAINNE.


Ar son martra an fiche míle duine de chathir Phrága a dúnmharbhaigheadh thar ceann creidimh agus ar son saoirse,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son martra na Lituáineach n-óg- do marbhaigheadh le bataibh insna mianaig agus i dtíorthibh iasachta,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son martra na nOsmianach do básuigheadh insna teampaill agus insna tithe,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son martra na saighdiúirí gur ghearradar na Prúisínig a scórnacha ag Fischau,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son martra na saighdiúirí a sciúrsáladar na Moscobhítig chun báis i gCronstadt,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son fola na saighdiúirí uile do thuit sa chogadh thar ceann creidimh agus ar son saoirse,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Ar son créachta agus deora agus pianta na bprísúnach agus na ndíbearthach agnis na n-oilithreach go léir ón bPolainn,

Fuascail sinn, a Thiarna.

Cogadh mór thar ceann saoirse na gcineacha,

Iarraimid ort, a Thiarna.

Airm do chur in ar lámhaibh agus ár mbratach do thógaint anáirde,

Iarraimid ort, a Thiarna.

Bás glórmhar ar láthir an chatha,

Iarraimid ort, a Thiarna.

Uaig dar gcnámhaibh i dtir ar n-athardha,

Iarraimid ort, a Thiarna.