Page:Leabhar na Polainne.djvu/92

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
88
LEABHAR NA PÓLAINNE.

iomláine ná meas agus dílse na bhFrancach agus na nGearmáineach agus na Sasanach, ná ragha sibh isteach in bhur nAthardha arís.

6. Dubhairt Críost le pobal tofa Dé: Tusa, a phobal Abrahaim, mara leana tú mé, diúltóidh Dia dod shliocht, agus déanfa sé clann mhac dAbraham desna clochaibh féin; agus cialluighean san go ndéanfadh sé Críostuithe desna Gréagaibh agus desna Rómhánachaibh.

7. Deir an Polannach leis na Francaig agus leis na Sasanaig: Sibhse, a chlann na Saoirse, mara leana sibh me, diúltóidh Dia dbur sliocht, agxis déanfa sé lucht cosanta don tSaoirse desna Moscobhítig agus de mhuintir na hAisia.

8. An té ná freagróidh glaoch na Saoirse, díbreofar a’ radharc na Saoirse é.

9. Banríoghain a bhí ann, tráth, do chuir sí saighdiúir i gceannus a sló agus dubhairt sí leis: Ma bheirean tú bua ar mo namhdibh go léir bhéarfad duit leath mo ríochta, agus bead féin am mhnaoi agut.

10. Agus chuaidh sé chun cogaidh, i gceann na sló, in ainm na banríona, agus do bhuaidh sé ar a namhaid agus do tháinig sé chun gradaim agus comhachta.

11. Agus dubhairt sé leis an mbanríoghain: Tá an t-am ann, a ríogan, chun sinn a phósadh agus chun me dhul i réim gan cosnamh. Ach dubhairt sise: Nil an t-am ann fós, mar níl mo namhde go léir treascartha fós agat.

12. Agus dubhairt an ri féinne agus fearg air: Feuch, táim ag dul in aois agus i raimhre agus tá orm bheith i gcomhnuí ag déanamh cogaidh do mhnaoi; is fearr dhom cur fúm ar mo thalamh féin agus mo