Page:Leabhar na Polainne.djvu/91

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
87
LEABHAR NA PÓLAINNE.

atá le teacht agus tomhas na dteorann a bheidh ann.

10. Dá mhéid a chuirfe sibh bhur n-anam i bhfeabhas agus i méid isea is mó an feabhas a bheidh ar bhur ndlithibh agaibh agus is sia amach a bheidh bhur dteoranta agaibh.

XXI.

1. Is eol daoibh cad deir na Giúdaíg agus na Cigáinig agus an mhuintir go mbíon aigne an Ghiúdaig agus an Chigáinig acu: An áit ina mbítar go maith as, is ann atá an Athardha. Ach is amhlaidh adeir an Polannach leis na náisiúin: An áit ina mbítar go haindis, is ann atá an Athardha; óir, aon áit san Eoraip ina mbíon an tSaoirse fé leattrom agus ina ndéantar comhrac ar a son, is ann a déantar comhrac ar son na hAthardha, agus ba chóir do chách dul ag troid ann.

2. Deirtí leis na náisiúin anallód: Na cuiridh uaibh bhur n-airm chosanta fáid a bheidh fód dbhur bhfearann fén namhaid; agus deir sibhse leis na náisiúin: Ná cuiridh uaibh bhur n-airm chosanta faid a bheidh fód de thalamh na saoirse fé annsmacht.

3. Óir cosnan an Francach agus an Sasanach agus an Gearmáineach a sealbhas agus is fuath leo a namhaid. Ach mar sin féin nuair a ghabhaid siad amach imeasc na bpobal ni thagaid na daoine amach ina gcoinnibh ag cantainn doibh.

4. Ach tiocfid siad in bhur gcoinnibh-se ag déanamh áthis agus ag cantainn bhur n-amhrán daoibh; óir tuigfid siad ina gcroidhe gur ar son Saoirse an domhain a dheinean sibh troid.

5. Dá bhrí sin deirim libh le fírinne, muna mbeidh bhur meas ar an Saoirse agus bhur ndílse dhi níos