Page:Leabhar na Polainne.djvu/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
76
LEABHAR NA PÓLAINNE.

agus do ghabhdar air; agus chuiredar fhiachaint air na mionna dubha thabhairt go bhfillfadh sé.

16. An túisce na dtáinig sé amach do dhein sé machtnamh dó féin agus as an machtnamh san dubhairt sé leis féin: Droch-dhaoine iad san agus tá feall acu á bheartú am choinnibh; agus ó ná fuil iontaoibh acu asam fágfad sa pholl iad. Agus d’imigh sé leis abhaile.

17. Agus bhí an lucht taistil sin ansan ar feadh roinnt laethanta agus an t-ocras ag cur orra go dian. godí gur thárla do roinnt daoine teacht an treo san agus iad do tharang aníos.

18. Ar éigin a bhí cead a gcos acu nuair ba mhaith le cuid aca dul ar aghaidh agus le cuid eile an t-eoluidhe fealltach do chuardach agus dioltas d’agairt air. D’éirig eatorra mar sin agus do scaradar lena chéile.

19. D’imig an chuid aca ba mhó fearg agus ag imeacht dóibh bhiodar ag tabhairt na mionn agus ag bagairt díoltais ar an eoluidhe; agus in aindeoin a gcuid achuingheacha ní bhfuaradar éinne dhéanfadh eolas dóibh, ar ór ná ar airgead.

20. Maidir leis an eolaidhe fealltach, do dhearbhuigh sé go hárd nárbh air a bhí an locht mar gur uatha féin a chuaidh an lucht taistil amú; agus, chun a thespáint go raibh eolas na mbóthar go maith aige do ghaibh sé air féin eolas a dhéanamh do dhaoine eile. Agus do ráinig gur dhein sé an tubaiste arís.

21. Agus níor stad an mhuintir sin ach ag déanamh aighnis ón uair a thuitedar isteach sa pholl godí go dtánadar as.

XVII.

1. Mar a bhí Pobal Dé san uaigneas gainmhe, sin