Page:Leabhar na Polainne.djvu/79

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
75
LEABHAR NA PÓLAINNE.

dheinedar ach machtnamh ina n-aigne, á rádh leo féin: Má dheinean sé feall orainn beidh uain ár ndóthin againn ar ár gcás do chaoine.

9. Níorbh fhada go dtáinig an t-eoluidhe tharnais agus gasra lena chois aige; do tharaing sé aníos an lucht taistil agus do thionlaic sé godí an sráid-bhaile iad.

10. Do scaradar lena chéile ina dhiaig sin gan éinní do rádh. Dubhradar an lucht taistil ina n-aigne féin, ámh: Amadán an t-eolaidhe sin, ach ó thárla nách íe haon droch-intinn a chuaidh sé amú ach trí easba céille, agus ó thárla fós go raibh eagla mór air féin, scaoilimís uainn i síocháin é; is fearr an togha a dhéanfimíd an chéad uair eile.

11. Ach sé rud adubhairt an t-eoluidhe ina aigne féin ná: Do chuas amú agus ba ró-dhóbair dosna daoine macánta san an bás a bheith acu; ní bhainfad le heolas a dhéanamh do dhuine ar bith arís.

12. O thuitim an lucht taistil sin sa pholl godí n-a bhfuascailt ní raibh aon chaint ar siúl acu.

13. An bhliain ina dhiaig- sin do thuit lucht taistil eile agus eoluidhe eile isteach sa pholl chéadna san agus do chuiredar rómpa iad féin dfuascailt ar an gcuma gcéadna.

14. Ach d’éirig argóint eatorra i dtaobh cé bheadh in iochtar acu, mar níor theastuig ósna tíarnaíbh a ngiollaí d’iompar ar a nguaillibh agus bhí eagla ar na giollaí go dtréigfadh na tiarnaí iad an túisce na mbeidís lastuas.

15. Agus bhí eagla orra go léir an t-eoluidhe do leigint uatha, mar nuair a bhíodar i bhfeirg leis mar gheall ar an mbotún a dhein sé thugadar tarcuisne dhó