fear achrannach tu, mar is eol dúinne. Ta dúil agut sa troid agus bíon tú ag fiach na n-ainmhithe insna coillte.
22. Dáma chun troda a raghainn amach, arsan maor, is fearr na hairm a bheadh agum; do thabharfinn liom piléaracha móra agus claidheamh; do raghainn amach ní ba thúisce nó ní ba dhéanaighe ná mar a dheineas; ach mar is eol daoibh do ghluaiseas amach díreach nuair a chonac an robáluidhe ag déanamh oraibh.
23. Tháinig iongna a gcroidhe ar na Giúdaíg ansan. Innis dúinn mar sin, ar siadsan, agus admhuig cad chuige gur dheinis mar a dheinis agus cad a chuir suas chuige thu, mar is ait an duine thu.
24. Sine an t-éinní amháin ná neosad daoibh, arsan maor, agus da n-innsinn, féin, ni thuigfadh sibh é mar ní mar a chéile in aon chor aigne an Ghiúdaig agus aigne an Chríostuidhe; ach dá n-iomipuigheadh sibh in bhur gCríostuithe do thuigfadh sibh go maith, uaibh féin, cad a bhí ar siúl agam agus níor ghá dhaoibh me cheistiú. Agus leis sin d’imigh sé uatha.
25. Ach, ag imeacht dó, bhi sé ag osnuíol le pian na créachta.
26 Agus dubhradar eatorra féin: E á mhaoidheamh gur fear é agus sin ag osnuíol anois é! Níl a chréachta ró-mhór; chun sceoin a chur in ár leanbhaí atá sé ag osnuíol mar sin.
27. Bhi ’s acu go raibh sé gonta go holc, ach thuigedar ina n-aigne nárbh aon rud fónta a bhi déanta acu agus ba mhaith leo a chur ina luighe orra féin ná raibh aon eagcóir déanta acu. Bhíodar ag labhairt go hárd chun a gcoinsiais do chur chun suaimhnis.