13. Ná tabhair tarcuisne dár gcine-na, arsa na
Giúdaíg láithreach. Nách díobh san, nách dár gcine-na,
an Dáibhid úd a dhein comhrac le Goliath, agus
Samson, an fear ba threise ar bith.
14. Is duine mise, ars an maor, atá gan eolas ar na Scriptiúirí, ach amháin gur airigheas an sagart á rádh go raibh Dáibhid agus Samson marbh agus ná héireoidís go bráth arís. Féachaidh chugaibh mar sin.
15. Ní horainne atá lucht robála do ghlanadh amach as an gcoill, arsa na Giúdiaíg, ach ar an rialtas agus ar an lucht airm; imig agus abair san leo.
16. Nior iarr an giúistís orm sibh a chosaint, arsan maor, ná níor fhanas le lucht airm aoh is amhlaidh fhéadfinn cabhrú leis an bhfoghluidhe chun bhur gooda bhaint dibh nó fanúint tamall ina dhiaig agus mo bhéal d’éisteacht agus do roinnfadh sé bhur n-ollamhathas liom. Dféadfainn, leis, gan corruighe as mo thig féin in aon chor.
17. Tú féin a chosnais, arsa na Giúdaíg.
18. Ní mar sin atá in aon chor, arsan maor.
19. Is le hionchas go bhuighfá luacht saothair do chosnais sinn, arsa na Giúdaíg. Tá go maith, thugamair arán agus uisce beatha dhuit agus dféachamair chun do chneácha, agfus tabharfimíd coróinn duit ina theannta san.
20. Ni theastuighean aon díoluiacht uaim, arsan maor coille, agus i dtaobh an aráin agus an bhiotáille agus an leighis, an túisce na mbead sa bhaile cuirfad roinnt airgid ag triall oraibh.
21. Fé dheire dubhairt na Giúdaíg leis: Do chuais chun troda leis an bhfoghluidhe, ar siadsan, mar gur