Page:Leabhar na Polainne.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
56
LEABHAR NA PÓLAINNE.

sa bhFrainc, siúd ag lorg oific an bhásaire sin trí chéad agus sé-dheic-a-sé de dhaoine.

11. Ag labhairt daoibh ar an aimsir atá imithe, má abran sibh: Deineadh a lithéid seo de bhotún sa chath san, agus a lithéid siúd de bhotún sa chath eile sin, agus a lithéid siúd eile de bhotún sa ghluaiseacht, úd: tá go maith; ach ná ceapaidh taréis an méid sin go bhfuil ana-ghéarchúis agaibh, mar is uiriste botún d’aithint ach is deacair dea-thréthe d’aithint.

12. Má bhíon poll sa pheictiúir nó smúid air, an chéad amadán a thiocfidh chife sé é; ach ní mór bretheamh ar pheictiúirí chun uaisleacht an pheictiúra do bhreithniú.

13. On dtaobh is gile a bheirid dea-dhaoine breith ar dtúis.

14. Ag ullmhú i gcóir na haimsire ná táinig ní mór don aigne dul siar ar an aimsir atá imithe, ach gan dul siar ach chó fada is théan an duine roim dhul de léim thar dig dó chun fuinnimh a chur leis an léim.

XI.

1. Ta sibh i lar na gcoigríoch mar bheadh lucht luinge briste ar thráig eachtrannach.

2. San am san, do thárla gur bádhadh long áirithe; ach mar sin féin tháinig cuid de mhuintir na luinge slán ar an dtráig iasachta.

3. Orra san bhí saighdiúirí agus mairnéalaig, ceárduithe agus daoine foghlumanta, lucht leabhar do scríobhadh.

4. Bhiodar go léir ag déanamh buartha agus ba mhian leo filleadh chun a dtíre féin: do chuadar i gcomhairle.

5. Ni thabharfadh muintir an chósta long ná bád