Page:Leabhar na Polainne.djvu/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
55
LEABHAR NA PÓLAINNE.

gheall ar sibh a bheith éaduithe ar nós na gcoigríoch é: cuid agaibh agus boinéid dearga na Fraince oraibh; cuid eile agaibh éaduithe in eirmín na Sasanach; agus an chuid eile agus róbaí agus bairéid na Gearmáine agaibh á chaitheamh. Ach nuair a bhíom an chlann fé cheilt mar sin is minic na haithnighean a máthir féin iad.

6. Ach cho luath agus chuirfid siad umpa arís an czamara Polannach. aithneoid siad uile a chéile, agus suidhfid siad ar ghlúinibh a máthar agus déanfidh sise iad do ghabháil chuichi mair a chéile.

7. Ná bídh i gcomhnuí ag lorg cionta agus peacaí na haimsire atá imithe. Is eol daoibh go ndeirean an t-oide faoistine leis an bpeacach gan cuimhneamh ar a sheana-pheacaí arís, agnas go mór mór gan labhairt orra le daoine eile, mar go ndeinean cuimhneamih agus comhrádh den tsórt san mian na bpeacaí do mhúiscilt arís.

8. Ná glaoigidh amach: Féach go bhfuil a lithéid seo de smál ar an nduine sin, ní mór dom é nochtadh do chách; siné an duine dhein a lithéid seo nó a lithéid siúd de choir. Deinidh deimhin de go mbeidh daoine le fáil chun na gcortha san do chuardach agus breithimh chun breith a thabhairt orra agus básairí chun iad d’agairt.

9. Ag gabháil tríd an gcathir duit, ní ghlanan tú an pábháil má chíon tú salachar air; agus nuair a castar leat an gaduidhe agus é gofa ní bhíon deithneas ort chun é tharang chun na croiche. Táid daoine eile ann go bhfuil san de chúram orra.

10. Ní theipfidh a lithéidí orainn choíche; óir, le fíordhéanaí, taréis bháis don bhásaire i gcathir áirithe