Page:Leabhar na Polainne.djvu/48

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
44
LEABHAR NA PÓLAINNE.

bhur ríthe féinne, gurb iad san na cuirpthig is mó, do réir fógra. Impire na Rúise, agfus na daoine is cuirpthe do réir fógra an Impire, isiad is mó ’na bhfuil urraim ag dul dóibh, agus na daoine fhuilingeoidh martra uaidh beid siad ina naomhaibh.

18. Agus an lucht a chruinnig saibhreas dóibh féin as a gcuid foghluma do dhíol agus do mhéaduig ollamhathas agus tithe dhóibh féin agus do bhuaidh ór dóibh féin agus fabhar na ríthe, ní hiad san is lucht eagna in bhur measc,

19. ach iad súd dfógair go hárd briathar na saoirse agus dfuiling prísún agus buillí; agus an mhuintir is mó dfuiiling, is iad is mó ’na bhfuil urraimi ag dul dóibh, agus an lucht a chuirfidh séala ar a dteagosc lena mbás beid siad ’na naomhaibh.

20. Go deimhin, adeirim libh, caithfidh an Eoraip uile a fhoghluim uaibhse cé air go dtabharfidís eagnaidhe. Oir rud náireach isea comhacht san Eoraip aniu agus baois isea léann na hEorpa.

21. Agus má deir éinne! agaibh: Is olithrig gan airm sinn, conus is féidir dúinn ordú na stát mór gcomhachtach d’atharú?

22. An té labhran mar sin breithnigheadih sé conus mar a bhí an impireacht Rómhánach cho tóathan-fhairsing leis an ndomhan, agus mar a bhí Impire na Róimhe chó comhachtach leis na ríthibh go léir in éineacht.

23. Agus féach nár sheol Críost ina choinnibh ach dáréag fear simplí; ach ó bhí an spioraid naomh ionta, an spioraid chun íbeartha dhéanamh díobh féin, do rugadar bua ar an impire.

24. Agus má deir éinne agaibh: Saighdiúirí sinne