Page:Leabhar na Polainne.djvu/47

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
43
LEABHAR NA PÓLAINNE.

puibliocánach, .i. oifigeach Romhánaoh, ba chuma é nó gaduidhe; agus an próconsul, .i. rialtóir, ba chuma é no fear a chuirfadh cáin ró-throm ar na daoine; agus an Fairisíneach, .i. fear a bheadh foghlumanta insna Scriptiúiríbh, ba chuma é nó feallaire; agus sofistés, nó ollamh Gréagach, ba chuma é nó rógaire. Agus tá brí tarcuisneach leis na foclaibh sin godí an lá aniu.

12. Agus taréis teacht daoibhse, leis, beidh brí tarcuisneach ag an gCríostuiacht leis an bhfocal , agus leis an bhfocal tiarna, agus leis an bhfocal comhairleach ri; leis an bhfocal: ministir agus leis an bhfocal ollamh.

13. Do glaodhadh sibhse chun comhachta agus léinn do chur fé mheas arís in bhur ndúthig féin agus ar fuaid na Críostuiachta.

14. Go deimhin, an lucht is sáimhe suan ina ndignitíbh agus a dheinean saibhreas dóibh féin as a n-oifigíbh, ní hiad san is taoisig oraibh;

15. ach iad súd is mó cúram agus is lú chodlan, iad súd is mó céastar agus is mó go ndéantar magadh fútha, iad súd do chaith uatha ollamhathas agus dúthaighe fairseanga. Agus an duine dhíbh a thuitean i gcomhachtaibh bhur namhad, fuilingean sé martra agus céasadh.

16. I dtiorthaibh eile, nuair a thagfan an namhaid agus atharuighean sé an rialtas, lomtar na daoine agus téid siad ar neamhní; ach claoid na hoifigeacha lena n-oifigíbh i gcomhnui agus leanaid na hollomhain ag aighneas: deinid siad fónamh do gach rialtas mar a chéile, agus díoltar iad ó gach rialtas mar a chéile.

17. Agus sibhse, is eol daoibh, na daoine bfearr imeasc bhur lucht seanaid agus bhur dteachtairí agus