Page:Leabhar na Polainne.djvu/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

LEABHAR NA nOILITHREACH bPOLANNACH

1. Anam an náisiúin Pholannaig, isiad na hOilithrig Pholannacha an t-anam san.

2. Aguis gach Polannach ar oilitihreacht, ní fánuidhe é, óir is duine ar seachran agus duine gan aidhm gach fánuidhe.

3. Ná ní díbearthadh é, óir is duine an díbearthach a díbreach le hórdú giúistís; ach an Polannach, níor dhíbir a ghiúistís féin riamh é.

4. Agus fós is duine gan ainm an Polannach ar oilithreacht, ach tabharfar ainm air san am atá chugainn, dálta lucht Chríost d’admháil, nár tugadh a n-ainm orra go ceann tamall aimsire.

5. Ach idir dhá linn tugtar oilithreach mar ainm ar an bPolannach, mar gur thug sé a mhóid dul ag triall ar an dTír Bheannuithe, ar an saor-athardha: thug sé an leabhar gan stad da shiúltaibh choíche go mbainfadh sé amach í.

6. Ach ní dia, dáltha Chríost, an náisiún Polannach: fágan san gur feidir d’anam na Polainne bheith ar fán i Limbó agus moill do dhéanamh gan filleadh ar an gcorp, gan éirghe ó mharbhaíbh.

7. Léimís arís mar sin Soiscéal Chríost;

8. Agus na ceachta agus na soluídí seo do chruinnig oilithreaioh Críostuidhe ó bhéalaibh daoine agus ó scríbhinníbh Polannach gCríostuidhe, idir mhartair agus oilithrig.