Page:Leabhar na Polainne.djvu/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
xii
LEABHAR NA PÓLAINNE.

agus tháinig an eiséirghe. Tá an Phólainn 'na náisiún saor aonta arís; ach ca bhfuil na h-Impireachtaí do chuir chum bháis í? Níl fáidheadóireacht Mhickiewicz cólíonta ar fad go fóill, ámhthach. Ní ar shaoirse na Pólainne amháin a bhíodh a mhachtnamh ach ar shaoirse na hEireann fosta. Bhí dúil mhór aige i nEirinn. Nuair fuair sé bás,[1] fuarthas leabhar ar oscailt ar a bhórd—an rud deireannach do léigh sé—agus goidé bhí ann ach cionn de scríbhinní na "nGaedeal Og." Deir Mickiewicz i Leabhar na nOilithreach go bhfuighidh na cineacha beaga sealbhas an domhain san am ata le teacht agus go gcuirfar na hImpireachtai uilig ar neamhnídh. Ach nil "áit faoi 'n ghréin," mar adeirtear, faighte ag Eirinn fós, agus níl deireadh leis an Impireacht is measa tíoránacht dár chruthaigh an diabhal ariamh. Ach beidh.

Nuair is doirche an oíche is annsin is goirc dhúinn an mhaidean. Nuair bhí an náisiún Iúdach i riocht bháis, agus N. Eoin 'na dheoraidhe ar oileán Phatmos ar nós Mhickiewicz i bPáras, is annsin do taisbeánadh dó árd-fhís na náisiúntachta agus an tírghrá—Iarúsalaim Ur ag teacht anuas ó neamh. Ba h-ionann le sin fís agus dóchas Mhickiewicz, agus is ionann leis an fhís agus an dóchas badh cheart a bheith againne. Tá dorchadas agus daoirse ar Eirinn anois, ach léighmís an méid atá scríobhtha ag na fáidhe do chuaidh romhainn, agus ná biodh eagla orainn, mar "níl bás ann nach bhfuil eiséirghe na dhiaidh, agus is as uaigheannaibh na mairtireach eireochas saoirse Gaedheal." Beidh deire go luath leis an oilithreacht ró-fhada seo ag clanna Gaedheal, agus do b'fhéidir nach fada go


  1. I gConstantinópail i mbliain a 1855.