cosúil le díbirt na nGaedheal i ndiaidh an Ghorta nó Scaipeadh na nEabhrach i ndiaidh scrios Iarúsalaim. Is annsin a bhí an dubh-aigne agus an diombáidh ar chlainn na Pólainne, agus ba dhóigh le morán, mar ba dhóigh leis an domhan, go ralbh an Phólainn marbh fá dheire go deo na ndeor. San oíche sin an duaircis don náisiún millte, nuair bhí a saoirse is a saibhreas ar lár agus caoineadh is crádh ar fud a críocha, do scríobh Mickiewicz, agus é 'na dheoraidhe i bPáras, an leabhrán aisteach seo dfhonn dóchas an náisiúin a choinneáilt beo, fiú fá scáile an bháis.
Creideamh aisteach, misticeach a lasadh i gcroíthe na ndeoraithe, sin é is adhbhar cainnte do Mhickiewicz ins na leathanaigh seo leanas. Messianaigh a tugtí ar Mhickiewicz agus ar a cháirde, mar isé an creideamh do bhí acu ná é bheith i ndán don náisiún Phólannach bás dfháil ar son na náisiún mbeag, agus eiséirghe do bheith aici i ndiaidh tamaillt le saoirse thabhairt ar ais don domhan,—an Phólainn 'na Messia i measc na gcineadh ar nós Criost i measc daoine. Fé mar a briseadh comhacht an bháis agais neart a namhad ar eiséirghe do Chríost, is amhlaidh sin a brisfear comhacht na dtíoránach agus a scaoilfear daoirse na gcineadh nuair éireochas an Phólainn as an uaigh 'nar cuireadh í ag Impireachtai an t-saoil seo.
Fear fise no fáidh Mickiewicz, agus fís fhírinneach a bhí aige. Do chlaoidh na Pólannaigh lena theagasc;[1] sheasadar guala le gualainn le chéile; níor ghéilleadar riamh ach ag súil i dtólamh le saoirse luath no mall—
- ↑ Deirtear go bhfuarathas cóin de Leabhar na bPolannach ar chorp saighdiúra san geoga Seapáineach; rugadh i Siberia é ach ba de bhnnadh Pholannach é; ní fhaca sé tír a aithreacha riamh ach bhí a ndóchas ina chroidhe aige.