LÁ AN DREÓILÍN
d’éiriġ an madra as an scéal nuair a ḃuaileas-sa isteaċ sa ċliaṫán le cloiċ é. Riṫ Peats im’ ḋiaiḋ le n-a ṁaide aċ ḃí fuar aige ḃeiṫ ag iarraiḋ breiṫ orm-sa agus na bróga leaistic orm!
Ḃíomair tuirseaċ den Dreóilín fén dtráṫ san agus duḃramair go n-éireoċaimís as. Ḃí ocras ag teaċt, leis, orainn. Dó ḋéag is seaċt bpingne ḃí againn agus roinneamair idir an deiċniúr a ḃí sa Dreóilín é—scilling is leaṫréal an duine. Ṫugamair an ṗinginn ḃreise do Ṫaḋg Learaí Ḃig toisc an sceiṁle fuair sé ó Ṁam. Micilín a ṫug aḃaile ċuige é. Annsan ṫug gaċ aonne aġaiḋ ar a ṫiġ féin agus fuadar ocrais fé.
Aċ, a’ dtuigeann tú, ní raiḃ aon ḟuadar fúmsa ċun an tiġe. Ḃí droċionntaoiḃ agam as an ḃfáilte a cuirfí roṁam. Ṫugas fuaṫ ḋon mbaile. Ṫuigeas, tá’s agat, go raiḃ Mam ag feiṫeaṁ liom ann agus go mbeaḋ sásaṁ uaiṫe i ngúna Ċáit agus i gcasóig mo Ḋaid Ċríona agus sa hata ċaroline agus duḃart liom féin gurḃ é mo leas Mam a ṡeaċaint i láṫair na huaire sin agus b’ḟéidir le himeaċt aimsire go dtiocfaḋ sí ċun bladair liom arís.
Suas go dtí tiġ Ṁáire Aindí ċuas. Ní ḟéadfainn fanúint amuiċ agus an ċulaiṫ ṁallaiṫe úd orm, agus ḃí an lá fós ann i slí ná féadfainn dul i gan ḟios go dtí an stábla ċun mo ċuid éadaiġ féin d’ḟaġáil. Ḃí an t-ocras ag gaḃáil díom go géar agus ḃí súil agam, tá’s agat, go ḃfaġainn píosa de ċíste Nodlag ó Nell. D’íosainn píosa mór de ċíste an uair ċéadna.
Ḃí Nell istiġ agus Máire Aindí agus Taḋg Óg. Nuair ċonnaic Taḋg an ċulaiṫ fós orm ṫáinig fonn magaiḋ air.
“Déanfaiḋ sé seo Dreóilín go hoiḋċe ḋo,” ar seisean.
“Naċ agat atá an cion ar ḃalcaisí do Ḋaid Ċríona?” arsa Máire Aindí agus ḃí sí ag gáiriḋe.
Rug Nell ar an hata agus do ċuir ar a ceann é. Dar fia! níor oir sé go holc i n-ao’ ċor di.
43