Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

Ḃuel! a ḋriṫeáir, is maiṫ a scaras leis is gan dul leo. Ċonnac iad go léir ag dul an doras isteaċ agus na gléiseanna ceoil ar siuḃal aca. Níorḃ’ ḟada, áfaċ, gur stad an ceol go hobann agus ċonnac ag brú a ċéile sa doras arís iad d’iarraiḋ teaċt amaċ. Stadadar taoḃ amuiċ agus ḃíodar ag féaċaint an doras isteaċ ar rud éigin a ḃí ar siuḃal istiġ aċ ní leoṁfaḋ aonne ’ca dul róġairid don doras. “Mam arís, déarfainn,” arsa mise agus ṫugas mo ḃuiḋeaċas do Ḋia gur ḟanas ó n-a crúcaí.

Ní fada ḋom go ḃfeaca mo ḋuine Taḋg Learaí Ḃig ag teaċt an doras amaċ ċun na coda eile agus ba ḋóbair go dtuitfinn nuair ċonnac an íde ḃí air. Ní raiḃ d’éadaċ ná de ċulaiṫ an Dreóilín air aċ an méid nár le Cáit seo ’gainne. Aon lá dá ċuiṁne ní ṫáinig dom agus me ag cura na coda eile go dtí an tiġ, go n-aiṫneoċaḋ Mam gún Ċáit ar Ṫaḋg.

Ḃí Taḋg ag pusíl ġuil agus a láṁ treasna a ṡúl aige leis an náire. Ḃí trua agam do aċ, ar ṁ’ḟalaing, nuair ċonnac a’ ḃreill a ḃí air agus an dá ḃróig ṁóra ’á dtarrang ’na ḋiaiḋ aige ag teaċt ċuġam sa ḃóiṫrín níor ḟéadas gan gáiriḋe. Nuair ċonnaic Taḋg me ag gáiriḋe ṫáinig an goṁ air.

“Léan ort,” ar seisean, “is tusa fé ndeara é,” agus ḃí an gol agus an ḟearg ’á ṫaċtaḋ. Rug sé ar na cloċa sa ḃóiṫrín agus ḃí sé a’ rúscaḋ liom agus gaċ aon liú guil aige. Ṗléascamair go léir ag gáiriḋe. “Hí-ú, cosa buiḋe árda!” arsa mise. Ḋein san an donas ar fad ar Ṫaḋg. “Bú hú!” ar seisean agus as go bráṫ leis aḃaile tré sna garraiṫe.

Aċ dá ṁéid an greann a ḃí againn ar Ṫaḋg ní raḃas-sa i n-ao’ ċor istiġ liom féin. Ḃí fearg mo ṁáṫar mar do ḃeaḋ scamall os mo ċionn.

D’imiġ an Dreóilín ar fad soir ċun na ceardṫan agus ċun na dtiġṫe i n-aice leis, aċ ní ḟuaireas aon spórt insa Dreóilín a ṫuille. Nuair a ċuamair go tiġ Ṗeats Teaimí ní ṫaḃarfaḋ sé aon ní ḋúinn. Duḃairt sé gur “paca bligeárd” sinn agus ċuir sé an madra linn; aċ

42