Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

LÁ AN DREÓILÍN

claiḋeaṁ. Ní raiḃ aon ċlaiḋeaṁ sa tiġ riaṁ againne ná ag aonne ar an mbaile—ná gnó aca ḋe—agus d’ḟág san mise i dtaoiḃ le claiḋeaṁ aḋmaid a ḋeineas de ċláirín. Ṫáirneálas píosa beag sé n-órlaċ treasna air i n-aice mo láiṁe.

Nuair a ḃí mo ċuid féin faċta agam ċuas ar lorg culaiṫ óinsiġe do Ṫaḋg Learaí Ḃig. Ní raiḃ aon ní oiriúnaċ le faġáil aċ éadaċ le Cáit, agus ḃíos i gcás idir ḋá ċoṁairle cad a ḋéanfainn. Ċuarduiġeas seomra Mam aċ ní raiḃ aon rud ann go ḃféadfaḋ Taḋg é ċaiṫeaṁ. Ḃí an scéal ag déanaṁ tinnis dom agus sinn ag dul a ċodla. Nuair a ḃí an Ċoróin Ṁuire ’a ráḋ againn ṫug Mam greasáil eile ḋom mar ná duḃart-sa aċ seaċt gcinn den deiċniúr. Ní ḟeadar-sa an nduḃart nó ná duḃart i gceart iad mar naċ orṫa ḃíos ag cuiṁneaṁ aċ ar ċulaiṫ do Ṫaḋg Learaí Ḃig.

D’éiriġeas-sa roimis an gcuid eile den tiġ ar maidin. Ḃuaileas na bróga leaistic fém’ ascail. Annsan ċuas go dtí seomra Ċáit is ċuarduiġeas arís do ċulaiṫ i gcoṁair Ṫaiḋg. Do ṗrioc an t-Áiḃirseoir me sa deire agus ṫugas liom gúna agus rudaí eile le Cáit agus amaċ tríd an ḃfuinneóig liom go dtí an stábla. Ċuireas orm mo ċulaiṫ Dreóilín—na bróga leaistic agus an ċasóg eirbaill agus an hata caroline agus ribíní Ċáit ar sileaḋ leis. Ḃuaileas orm an aġaiḋ feidil annsan agus mo ċrios agus mo ċlaiḋeaṁ, agus deirim-se leat, a ḋriṫeáir, go raiḃ cuma captaen Dreóilín orm má ḃí sé ar aonne riaṁ. D’imiġeas annsan ar lorg na coda eile. Ḃíodar ag teaċt, duine ar ḋuine, agus an riaċ duine aca d’aiṫin me, a ṁic ó! gur ḃaineas an aġaiḋ feidil díom.

Ṫugamar tamall maiṫ ag feistiú a ċéile sara raḃamair ullaṁ. Nuair ṫáinig Taḋg Learaí Ḃig ċromas ar éadaċ Ċáit a ċur air. Aċ ḃí ceataiġe sa scéal—ní raġaḋ éadaċ Ċáit ar Ṫaḋg gan Taḋg do ḃaint a ċoda féin de—rud nár ṫaiṫn i n-ao’ ċor leis. Níor ḟan dá ċuid féin air aċ a léine; aċ nuair a ḃí an gúna air agus caiḋp ḃioraċ páipéir ar a ċeann ḃí sé ’na ġearrċaile deas go

37