Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

LÁ AN DREÓILÍN

seo ’gainne agus ċuamair ċun an scéal a ċur fé n-a bráid; aċ, a ḋuine, do spriúċ sí.

“Is mór an náire ḋíḃ é!” ar sise, “an dreóilín boċt a ṁarḃú agus ḃeiṫ ag siuḃal pludaiġ na dúṫaiġe ag lorg airgid ’á ċionn.”

“Naċ é scéiḋ ar ár Slánaṫóir,” arsa mise; “agus naċ maiṫ atá sé tuillte aige é ṁarḃú.”

“Má seaḋ ní hé an dreóilín a ḃeiḋ agaiḃ-se a scéiḋ Air,” arsa Cáit.

“Mararḃ’ é, ṁuise!” arsa mise, “b’é a ḋaid críona ḋein é, agus aonne ’ṁáin iad.”

Aċ níorḃ aon ṁaiṫeas ḃeiṫ ag gaḃáil do Ċáit. Duḃairt sí linn imeaċt le n-ár seana-Ḋreóilín gan ṁaiṫ. Ná déanfaḋ gearrċailí i n-ao’ ċor na rudaí gránna a ḋeineann buaċaillí. Ní raġaḋ sí i n-aon Dreóilín.

Ní ḃíonn aon ṁaiṫ ins na seanaċailíní sin.

Ḃíos féin is Micilín i gcruaċás. Ní ḃeaḋ aon ṁaiṫ i n-ár nDreóilín ċeal óinsiġe. Ṫriallamair cailíní an ḃaile ar fad aċ ní ṫiocfaḋ aonne ’ca linn.

“Caiṫfimíd éirġe ar fad as,” arsa Micilín.

“Ní éireoċaimíd,” arsa mise, “cuirfimíd éadaċ óinsiġe ar ḃuaċaill éigin.”

Leis sin ġlaomair ċuġainn ar na leaideanna eile agus d’innseamair dóiḃ an rud a ḃí beartaiṫe againn i gcoṁair an lae amáiriġ. Ḃí sceitimíní áṫais orṫa go léir.

“Caiṫfiḋ cuid agaiḃ éadaċ ban a ḃeiṫ oraiḃ,” arsa mise.

Níor ḃraiṫeas aon ḃreis áṫais orṫa ’na ṫaoḃ san.

“Ní raġad-sa i n-aon éadaċ mná,” arsa Taḋg Learaí Ḃig.

“Aonne ná fuil sásta déanaṁ mar adeirim-se leis imiġeaḋ sé as an nDreóilín ar a’ hap,” arsa mise.

D’éist Taḋg Learaí Ḃig.

“Cá ḃfaġam éadaiġe ban?” arsa Smulc, “agus cé hiad go mbeid siad orṫa?”

“Taḋg Learaí Ḃig agus tusa, a Smuilc, ġeoḃaiḋ siḃ

35