Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

mo ṁam anáirde staiġre do ḃaineas oiread a’ frí’ as an gcíste. Ṁeasas go ḃfaġainn bás ḃí sé ċoṁ milis sin! agus ar ṁ’anam, ḃíos ó smut go smut go raiḃ bearna ṁór déanta ’gam isteaċ sa ċíste uaċtair. Ḃios scuḃṫa ċuige, a ḋuine!

Nuair a ċuala Mam ag teaċt anuas an staiġre ċuireas díom amaċ agus ḃíos ag cur ḋá ġaṁain le Donnċa Beag as an mbuaile. Ċuala Mam ag cur aisti istiġ. Ṫáinig sí ’on doras. “’Jimín!” ar sise agus ní go gráṁar é. “Geo’-se ’maċ!” arsa mise leis na gaṁna. “’Jimín, adeirim leat,” ar sise arís, aċ ḃí Jimín ċoṁ boḋar le slis!

Níor ḋein san dom ṁáṫair é. Ṫug sí sciúird fúm. Ḃí fiarṡúil agam-sa ar an ndoras fea’ na haimsire—ḃí droċionntaoiḃ agam aisti, a ḋuine—agus ċonnac ċuġam í. As go bráṫ liom, a ṁic ó, agus me ag caiṫeaṁ grin óm’ ṡálaiḃ! Ḃuel, a leiṫéid de rás ní ḟeaċaís ón lá baisteaḋ ṫu—mise is mo Ṁam ag cur dinn, faid a ḃí ’nár gcroiḋe! Dá mbeaḋ an bóṫar díreaċ aici ḋéanfaḋ mo Ṁam an ḃeart orm; aċ nuair a ḃíoḋ sí ag cur crúca im’ ċúl ṫugainn-se an cor di agus ḃí sí ’á traoċaḋ agam. Ní haon ṁaiṫ mná ċun reaṫa. Annsan do ḃuail sí a lurga ar ċolltar an ċéaċta ḃí caiṫte sa ḃuaile. Ḃí an ṗraiseaċ ar fuaid na mias annsan, a ṁic ó! B’éigean di éirġe as an ḃfiaċ. Ḃí sí bacaċ ar feaḋ seaċtaine.

Tríd an ḃfuinneoig a ċuas féin isteaċ an oiḋċe sin tar éis iad a ḋul a ċodla. Duḃairt Cáit liom—sin í mo ḋrifiúr—go ḃfuair m’aṫair sceiṁle óm’ Ṁam nuair ṫáinig sé isteaċ tráṫnóna. Deineann sí é sin i gcoṁnaiḋe nuair a ḃíonn fearg uirṫi. Duḃairt sí ná raiḃ aon ċeart aige an ċéaċta ḃeiṫ san áit sin aige, agus ṫug sí “srimileálaiḋe gan ṁaiṫ” air. Daid boċt!

Ní ṫáinig aonne de’n triúr againn ċun bladair le n‑a ċéile go ceann seaċtaine tar éis an ċíste ḋ’iṫe. Níor ġáḋ leaṫ a’ ṁurdail. Nár ċeart císte milis a ṫaḃairt do ḃuaċaill boċt a ḃíonn sa ḃaile ċoṁ maiṫ is taḃarfaí d’ inġin Ṁáire Aindí é toisc í ṫeaċt aḃaile ó Ḃleá Cliaṫ.

4