Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
MAR ṪÁINIG JIMÍN AR AN SAOĠAL

stop.” Do stop mo Ḋaid láiṫreaċ. Deineann sé rud uirṫi i gcoṁnaiḋe. Daid boċt!

Ní cuiṁin liom-sa na rudaí sin do ṫuitim amaċ i n‑ao’ ċor. Seana-Ḃriġid d’innis dom iad. Ní ḋeineann Seana-Ḃriġid sin aon ċodla is dóiġ liom. Bíonn sí amuiċ gaċ aon oiḋċe ag faire na tráġa féaċaint a’ ḃfaġaḋ sí aon ḃunóc. Aon ċeann aca ṫagann go dtí aon tiġ sa ṗaróiste, sin í ġeiḃeann iad istoiḋċe sa ḃfeamnaiġ, adeir sí. Níl aon ḃunóc aca i dtiġ Ṗeig Ṁuirfí agus bíonn na mná go léir ’á ráḋ gur mór an truaġ san. D’éaluiġeas féin amaċ oiḋċe tríd an ḃfuinneoig ċun dul ar an dtráiġ féaċaint a ḃfaġainn bunóc dóiḃ. Ní raiḃ aon rian de ḃunóic ann cé gur ċuarduiġeas an ḟeamnaċ an fad; ná ní raiḃ aon ṗioc de Ḃriġid ann aċ ċoṁ beag. Ar maidin ḃí leanḃ faċta aici do ṁuinntir Cláis Ṁóir agus duḃairt sí liom-sa nuair ċuireas ceist uirṫi gur ar a’ dtráiġ a fuair sí í. Duḃart-sa léi go raiḃ an t‑éiṫeaċ aici—go raḃas féin fea’ na hoiḋċe annsan agus ná feaca í. Ṫáinig stad innti agus d’ḟéaċ sí orm. Annsan duḃairt sí gur mé “an diaḃailín” agus rug sí ar ṡlait ċuġam.

Na rudaí beaga go léir a ṫugann Seana-Ḃriġid léi ní ḃíonn aon ċainnt aca ná ní ḟéadfaidís riṫ ná siuḃal. Ní dóiġ liom go raḃas-sa riaṁ mar sin. Ḃí cainnt mo ḋóṫain riaṁ agam—an iomad, adeireaḋ mo Ṁam. Níl aon leiġeas agam air. Bíonn rudaí istiġ ionnam agus ní ḟanfaidís socair gan iad a ráḋ. Mara leiginn amaċ iad do ḃeaḋ tinneas orm aca agus is dóċa go ḃfaġainn bás. Agus tá riṫ maiṫ agam leis. Rugas ar an ngaṁain ḃán indé; agus rugas na cosa óm Ṁam nuair a ḃí sí im’ ḋiaiḋ i dtaoḃ an ċíste uaċtair a ḋ’iṫe.

Tá’s agat, ḃí súil aici an tráṫnóna san le hinġin Ṁáire Aindí ḃí tar éis teaċt aḃaile ó Ḃleá Cliaṫ, agus ḋein sí císte uaċtair ’na coṁair agus ċuir sí dorn rísíní ann agus siúicre rua. D’ḟág sí ’á ḟuaraḋ é ar ḃonn a’ dresser. Ṫáinig dúil ṁallaiṫe agam féin ann nuair a fuaireas an bolaṫ breá go léir uaiḋ, agus nuair d’imiġ

3