Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/90

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
86
THE GAELIC JOURNAL.

(n) Laoċ do ṫúirling a Mac agad
Ċaiṫ trí ráiṫe in do lár i dtaisge;
Rug ṫu é i mainseur asail;
D’oil tú é ar do ġlúna geala;
Níor lig tú deor ḋá ḟuil faoi ṫalaṁ,
Nó go ndeaċaiḋ dé ḋá ṫeasgairt
Ar leacraċa dearga . . .

(o) Mar ḃárr pianta na táirngí
ḃarraḋ . . . .
Longínus aríst (do ṡrois?) an
tsleaġ ort . . . . .

(p) A Ḋia ḋílis, gurab é do ṁíle beaṫaḋ!
Níor ḋíob-se (ḋíoḃ-so) dliġtear tada
(dadaṁ),
Aċt ḋínn uile go léir na peacṫaiġ.

(q) Ní ba ná caoiriġ ṫug tú asam
Aċt do ḃóṫar goile (= d’ḟuil a) ḋóir-
teaḋ faoi ṫalaṁ;
Ṫréig na naoiṁ ṫú a’s na heaspail,
Ṫréig Miċeál ṫú, an t-aingeal . . . .

(r) Ṫáinig na trí Ṁuire ḋá Ḟaire,
Muire Óġ brónaċ deacraċ
Folt-sgaoilte a’s í gan tapa,
Deoir ’n-a ṡroṫaiḃ léi ’n-a leaca;
’N uair ċonnaic sí an ḟeoil, an ċuma
ḃí ar a leanḃ,
Ag an dream deaṁan ḃí gan ḃaisde,
Ċuimil sí suip as bos,
D’iallaċaiḋe reaṁra teannta lea-
{ṫair . . . .

(s) A Ċríosd, ó ṫarla Dia go maiṫ leat,
A Ṁic na haiġe míne geala
Fuair an crann ceusda ḋá sgaraḋ . . . . .

(t) ’Sé ḃeir foġṁar moḋaṁail maiseaċ,
’Sé ḃeir geiṁreaḋ líonṁar leata,
’Sé ḃeir saṁraḋ drúċdaṁail teasṁar
’Sé ḃeir aimsir ċinnte ġaoṫṁar ear-
raiġ ann.

(u) A Ṁuire ṁóir-ḃríoġṁar ṁaiseaċ
Is uait-se ṡíolruiġ toraḋ na mbean-
naċt . . .

(v) Ṫugadar cuairt anuas ó ’n aingeal
is ionnus (?) anuas ġluais an
tAṫair . . . .

(w) Naċ í an Eiséirġe is fearr dá gcualas
riaṁ
Ag cléireaċ Ċleaḃair na ngeall (?),
Íosa críosd ḃeiṫ ’g’ul ins an ċrois
’Éis a ċroċaḋ lé crann . . .
Rí geal agus a ċaoin (?) lé crann,
Rí nár ċuingil riaṁ . . .

(x) Ṫeilgeadar ’n-a ṡúil (?) anall
Agus ġoireadar féin Mac Dé go
teann,
Ċaiṫeadar an tsleaġ fó n-a ḃroinn,
Agus ċroiṫ an tsleaġ duine dall,
Duine dall a’s é ’teaċt ’n-a ḋall,
’S an tsleaġ niṁe ’n-a ḋeas-láiṁ,
’N uair triomaḋ cneiṫ an daill
Fó ḋalta ar dTiġearna (?) . . . . .

(y) Braitlín geal ’g’ul fó Íosa
’Measg na ríġṫe ’gus na sluaġ . . .
Annsin a ġoireadar féin Mac Dé
beannuiġte
’S cá raiḃ (?) a leabaiḋ anois ’san
úir . . . . . .

(z) Ṫáinig na trí Ṁuire, na trí ríġ,
Na trí saoi fó n-eunlaiḃ (?),
Fó n-a mbosa corra is fó n-a mbeagán
mánla,
Agus iad á caoineaḋ ar dTiġearna.

(aa) ’N uair ċuala Muire an ḟuil tinn
A Mac mín geal ḋá ḃfaġáil (?),
Ṫóig sí na trí bosa corra
Fó n-a riosta deirin (?) geal (doirn-
ġeal?)
. . . . .

(bb) Siúd í an ḟoiġid fuair guṫ
Siúd iad na bosa do bualaḋ
Siúd í an ḟoiġid do fuair
Do ḟoiġid a truaġ-ḃualaḋ.