Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/89

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
85
THE GAELIC JOURNAL.

(a) Abair do Ṗaidir, má’s maiṫ leat é;
is léiġeann í naċ dtéiḋeann ar gcúl;
Is Paidir í naċ ngaḃann smál,
Caiseal árd ḃí ag Riġ na ndúl.

Dréimire Ṗarrṫais í an Ṗaidir,
“Paidir anam” ḟóireanns í,
Urnuiġṫe ċráiḃṫeaċ ḟialṁar ġlan,
Droiċead ṡíl Euḃa í.

(b) Trosgaḋ, urnuiġṫe, agus déirc,
Aiṫriġe ḋaor ⁊ dóċas maiṫ,—
Sin é an teagasg ṫug Mac Dé
Dá Eaglais féin ar a ḃóṫar tais.

(c) Téiriġ ’un Aifrinn gan do ḃróga,
Agus ná deun mórtaċas as do ḃrat,
Agus beannuiġ faoi ḋó do’n ḃoċt . . . . .

(d) Ar a ḃfeicfiḋ tú d’airgead ⁊ d’ór,
’S ar a ḃfeicfiḋ tú do ċeolta crois
(crot?),
Ní ḟeicfiḋ tú flaiṫis Ṁic Dé go deoiḋ
Gan leabaiḋ ⁊ gan déirc na mboċt.

(e) Deun go mín leis an mboċt,
Agus cuir cneiṫ ar a ċorp;
Agus gur mór an díol déirce an boċt
Agus go ndeacaiḋ Mac De ’n-a
rioċt . . . .

(f) Go dtigiḋ lá Ṡliaḃ Slíon (Síon?) na
sluaġ . . .
Cé gur duiḃe ár ngné ’ná an gual,
Cé gurab áluinn anois do ċruṫ, . . . . . . .
Mara (muna) gcuiṁniġir ar dtús ṫú
féin . . . . .
Caoin Páis na sleaġ, má ḟeudann tú,
Cuir na gárṫa deor fó na mílte
cuṁa . . . .
Croiḋe glan cráiḃṫeaċ náireaċ déir-
ceaċ uṁal,
Naċ míle fearr lé ráḋ ’ná beul ar
siuḃal (?)

(g) Naċ iomḋa marcaċ maiṫ leagaḋ
Agus raċaḋ arís ar ḃun (ṁuin?) a eaċa.
Má ċuaiḋ mise i leiṫ na sliġeaḋ,
Tear (= tar) a Ċríosd, ⁊ taḃair do
ḃreiṫ,

(h) Ifrionn fuar fliuċ,
Baile is (ḃ)uaine ⁊ is seirḃe deoċ,
Baile gan ċill gan ċrois,
Ní raċa mé féin i n-a heaċ ’ná ’n-a
ċos.

(i) Aċt mar is maiṫ le Críosd mé ḃeiṫ
Buḋ ṁian liom gul anonn,
Maraċ (muna mbeiḋeaḋ) a laiġead a
ḃfuil ḋe lón roṁam,
Is beag mo ḃárr i ḃfus,
Agus mo ċuṁa naċ ṫall do ṫreaḃas.

(j) An laoċ do ceusaḋ Dia hAoine
’S cuireaḋ i rópaiḋe roiġne . . . .
Síneaḋ é ins an uaiṁ mo sínte (?) . . . . .
Cloċa móra clonta (?) cloiḋte,
Faire leabṫa ar feaḋ na hoiḋċe . . . .

(k) ’Sé aduḃairt seisean lé Nicodémus . . . .
Contamatar (?) as a ċionn sin . . . . .
Go dtugadar é ó luċt na seaċt líne
Ḃí ḋá mbreunaḋ lé haoileaċ,
Ḋá ndeargaḋ lé címleaċ,
Ag na deaṁanta fó ṗianta;
Ṫugadar é go Parrṫas na gcraoḃ
ngeal . . . . .

(l) Mara (muna) ḃfaġmuid-ne óigeaċt ó
ċríonna
Nó uṁlaiġeaċt na hOiġe míne . . . .

(m) Naċ maiṫ ċaoinfeaḋ bean a leanḃ
Is ní fearr ’ná a dalta;
Ní ċaoineaḋ sí Árd-rí na caṫraċ,
Laoċ doḃeir an t-eun i ndiaiḋ na
huiḃe,
Agus ṡlánuiġeas gaċ bean i ndiaiḋ a
leinḃ,
Naċ ait naċ ndeunamuid-ne Dia do
ġuiḃe (ġuiḋe),
’S gurab é ’ġníos ar gcré do ċumaḋ,
M’ Aṫair síorruiḋe doġníos bun dam
Ar mo ċoisiḋeaċt lé mo ġnoṫaiġ amuiġ
ḋam . . . .