Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/244

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
36
THE GAELIC JOURNAL.

ní mar a ċéile aon dá sgeul ná aon dá ṫuairisg ort. Deir duine go ḃfeacaiḋis spioraid; deir duine eile gur ṫuit an tiġ ort; deir duine eile gur ṁairḃ splannc ṫu; deir an ceaṫraṁaḋ duine go ḃfuarais airgiod ag dul i muġa. Agus mar sin dóiḃ, gaċ aoinne’ ⁊ a ṡocruġaḋ féin aige ort. Cad a rinnis, no cad tá ar siuḃal agat nó cad fé ndeara an obair-seo go léir?”

“Ní ḟeadar an (= ḋo’n) tsaoġal, a Ḋiarmuid. Aċt dar liom-sa, tá aon níḋ aṁáin soiléir go leór, is é sin naċ ḃfuaras airgiod ag dul i muġa. Is dóċa ḋá ḃfuiġinn naċ mbeinn ag teaċt annso anois ag braṫ air[1] go ḃfuiġinn raint leaṫair uait-se ar ċáirde mar fuaras ċeana.”

“Ṁaise andaiġ féin ġeóḃair ⁊ fáilte. An mór atá uait?”

“Dá mbeiḋeaḋ oiread agam ⁊ ḋéanfaḋ bróga do ḃeirt, níor ḃeag liom é an turus so; ⁊ nuair ḃeidis sin díolta ⁊ an t-airgiod agam, ḋíolfainn tusa ⁊ ṫógfainn tuille.”

“Tá sé coṁ maiṫ agat an tuille do ḃreiṫ leat anois d’aon iarraċt. Beir leat luaċ puint.”

Gob. Feuċ naċ aṁlaiḋ do ḋein licíniḋe slinne de’n[2] airgiod, már ḋein d’airgiod Ṁiċíl Réamoinn.

Peg. Ní hé aduḃrais ċeana, aċt gur ḋein Míċeál airgiod do na licíniḃ slinne.

Gob. Sdó’ do ḋein leis, aċt má ’seaḋ do ḋein licíniḋe slinne do’n airgiod arís.

Nóra. ’Gcloistí![3] naċ cuiṁin le n-ár gcluasaiḃ tu dá ráḋ linn go dtug se an t-airgiod isteaċ ċum na mná ⁊ gur ḟeuċ sí air ⁊ gur ċeap sí gur ḃ’airgiod dleaġṫaċ é, ⁊ dá ċóṁarṫa san féin,[4] go dtug sí do an hata.

Gob. Sdó’ do ċeap, leis, ⁊ do ṫug. Aċt is ’n-a ḋiaiḋ sin do ḋein licíniḋe slinne arís de’n airgiod.

Nóra. Agus cionnus ḟéadfaḋ licíniḋe slinne ḋéanaṁ arís ḋe, muna mbainfeaḋ Miċeál féin an diabluiḋeaċt de?

Cáit. Agus ca ḃfios ná gur[5] ḃain?

Nóra. Duḃairt sí gur imṫiġ sé air aḃaile, nuair fuair se an hata.

Gob. Má ’seaḋ, ḃí sé i Sráid an Ṁuilinn arís seaċtṁuin ’n-a ḋiaiḋ sin, é féin ⁊ Taḋg na n-Uḃ, ⁊ ċuadar isteaċ sa’ tiġ ċeudna ⁊ do ġlaoiḋ Miċeál ar[6] an mnaoi i leaṫtaoiḃ. “Tá a dó ⁊ dá ṫiosdún agat orm,” ar seision; “seo ḋuit é.” “Ní’l aon dó ⁊ ḋá ṫiosdún agam-sa ort,” ar sise. “Tá go macánta,” ar seision, “seo ḋuit é.” “’Sdó deirim-se naċ ḃfuil,” ar sise. “Naċ cuiṁin leat,” ar sise, “go raḃais ag coimeád do hata ⁊ gur ṡoláṫruiġis an t-airgiod i mball éigin ⁊ go dtugais dom é?” “Cad do rinnis leis?” arsa Miċeál. “Ní rinneas aon rud leis,” ar sise. “Tá sé annso sa’ ḃosca fós agam.” “Ba ṁaiṫ liom é ḟeicsint,” arsa Míċeál. “Tá sé annsúd” ar sise, “sgilling ⁊ dá reul ⁊ dá ṫiosdún. Tair i leíṫ,” ar sise, “go ḃfeicir féin arís iad.” Do ċuadar anonn go dtí an bosca ⁊ d’osgail sí é, ⁊ nuair ḟeuċ sí isteaċ ann ⁊ ċonnaic sí na licíniḋe slinne, d’iompauiġ sí ar Ṁíċeál ⁊ d’ḟeuċ sí air mar ḟeuċḟaḋ sí ar ṁadraḋ uilc. “Seo,” arsa Míċeál, ag síneaḋ an airgid ċúiċe. “Coimeád é,” ar sise, “agus fág mo ṫiġ” Tá an Mac Mallaċtan ann ⁊ ionnt-sa coṁ maiṫ. Sgrios!” Geallaim-se ḋuit gur imṫiġ an ḃeirt ⁊ deiṫnios orra.

(Leanfar de seo.)


TRANSLATION.

When Seadhna heard that much, he moved to one side. He slipped a hand of his down into his pocket. By the law, it was empty! He searched another pocket—empty also! He put a hand into his bosom, looking for the purse. There was no sign of it there! He gave a side look at the man of the thimble. That man was minding his own business, and not taking any notice of Seadhna, but as little as if he had never seen him.

“Then!” said Seadhna to himself, “there is an end to the ambitious projects! It is well that the curse has been taken off the mallivogue, and off the chair and off the tree. I suppose it could not be possible that it would be put on again! At all events, I have nothing to do

  1.  
  2.  
  3.  
  4.  
  5.  
  6.