Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/243

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
35
THE GAELIC JOURNAL.

a bad taste. The child bought a yellow apple for a penny, he bought this small apple for a halfpenny Do you know Cormac Finegan? I do, I saw him yesterday, and he bought a fine horse from me (uaim). He gave to me (dom) twenty pounds for him (air). I bought a book yesterday for a crown (ar ċoróin) in that shop. The blackmith bought a hammer for a shilling. I have a great respect for Hugh. Dermut bought a creel from me for twenty pounds, he did not give me the money (an t-airgead). I saw him yesterday and he was ashamed. You gave to me too much for this book.

§ 539. Phrases: ní’l aon beann agam ort, I don't care one jot for you (lit. I have not one jot on you). In Connaught ní’l aon ḃinn agam ort, or ní’l binn agam ort, is more usual. ní’l aon áird air, no one heeds him, there is no heed on him. Fear gan áird, a man that no one heeds, insignificant person.

beann b-yaN b-youN, Munster
ḃeann v-yaN v-youN
binn bin been
ḃinn vin veen
áird aurd

EXERCISE XCIV.

§ 540.

luaċ (Loo′-ăCH), price.
aonaċ (aen′-ăCH), a fair.
margaḋ (mor′-ă-goo), a market.

Rinne mé margaḋ leis I made a market or a bargain with him; margaḋ maiṫ, a good bargain.

Note that at the fair is ar an aonaċ (on the fair), at the market is usually ar an margaḋ.

§ 541.

Cia An fear? What man?
Cia an ḃean? What woman?
Cia an luaċ? What price?
Cá ṁeud (kau vaedh), how much, how many.
Cia ṁeud (kae vaedh), how much, how many.


SEAḊNA.

(ar leanaṁaint).

Nuair airiġ Seaḋna an méid sin, do ḋruid sé i leaṫtaoiḃ. Do ṡleaṁnuiġ sé láṁ leis síos ’n-a ṗóca. Ambasa ḃí sé folaṁ! Ċuarduiġ sé a ṗóca eile—folaṁ ċoṁ maiṫ! Ċuir se láṁ isteaċ ’n-a ḃrollaċ, ag lorg an sporáin: ní raiḃ a ṫuairisg ann. Tug sé strac-ḟeuċaint ar ḟear na méaracán; ḃí sé i ḃfeiġil a ġnóṫa[1] féin, gan aon tsuim aige i Seaḋna aċt coṁ beag ⁊ naċ ḃfeicfeaḋ sé riaṁ é.

“Seaḋ!” arsa Seaḋna leis féin, “tá deire leis an musdar. Is fusaide é ó baineaḋ an easgaine do’n ṁealḃóig ⁊ do’n ċaṫaoir ⁊ do’n ċrann. Ní dóċa gur ḃ’ḟéidir í ḃeiṫ curṫa suas arís. Pé i nÉirinn é, ní’l agam le déanaṁ anois aċt dul ⁊ feuċaint an ḃfeudfainn raint leaṫair do ċeannaċ ⁊ dul ⁊ claoiḋ[2] leis an ngnó is feárr atá ar eolus agam. Má’s bréan-ḃróga iad, ní ḃfaiġid na daoine a ċaṫeann iad aon loċt orra. Is mairg naċ bíonn sásda le n-a ċuid féin, dá luiġead é. Dá mbeiḋeaḋ mo ṫrí sgillinge agam anois do ḋéanfaidís mo ġnó coṁ maiṫ leis na céadtaiḃ go léir. Aċt tá go maiṫ; ní feárr ḃeiṫ ag caint air[3] mar sgeul. Raċad ag triall ar Ḋiarmuid Liaṫ, ⁊ b’ḟéidir go dtiuḃraḋ sé raint leaṫair ar ċáirde ḋom, ċum go dtiocfaḋ airgiod na mbróg isteaċ. Ṫug sé cáirde ċeana ḋom, ⁊ ḋílas é go cruinn ⁊ go macánta.”

Um an daca go raiḃ an méid-sin maċtnaiġṫe aige, ḃí sé ag déanaṁ, ceann ar aġaiḋ, ar ḋoras Ḋiarmuda. Ḃí Diarmuid féin ’n-a ṡeasaṁ ’dir ḋá líġ an doruis.[4]

“Airiú a Ṡeaḋna, an tu san?” arsa Diarmuid.

“Is me ċeana,”[5] arsa Seaḋna: “an ḃfuilir go láidir a Ḋiarmuid?”

“Tá an tsláinte againn, molaḋ le Dia ḋá ċionn—aċt cad é seo d’imṫiġ ort-sa fé ḋéiḋionaiġe? Táir i mbeul gaċ aoinne, ⁊

  1.  
  2.  
  3.  
  4.  
  5.