Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
15
THE GAELIC JOURNAL.

V.

’Nuair fuair mé gaċ cineál d’ár ḟóir, ’sé
ṁeas mé nár ċóir dam suiḋe;
’Sé aduḃairt sí, “Bí ṫusa gaḃáil ċeóil, ’s
ní ṫiucfaiḋ ort feóirling do ḋíol.”
Ní raiḃ mise a ḃfad ag gaḃáil ċeóil, gur
ċruinniġ an t-aos óg ’san tiġ,
Gaċ duine ’s a ġlaine ’n-a ḋorn, le coṁarṫa
ṫaḃairt do ’n dís.

VI.

Ḃí biotáille fairsing ar ḃórd, ’gus beagán
dá ól ’san tír;
Dá n-ólainn-se galún Uí Ḋoṁnaill, b’
ḟurus mo scór do ḋíol;
’Nuair do ṡocruiġeamar coṫrom an scóir,
’sé d’ḟiafraiġ an óigḃean díom,
“Ca háit i mbíonn tú ag coṁnaiḋe, nó an
gcongḃaiġeann tú cró ḋuit féin?”

VII.

“’Nuair ḃím-se seal i dtiġ an óil, ní
ḋeanaim-se lón do ’n ṗiġinn;
“An meud úd a ṡaoṫru(iġ)im ’san ló,
caiṫim le spórt ’san oiḋ’e.”
“Ní ḟóireann sé duine dod’ seórt tosuġaḋ
le buaiḋreaḋ an tsaoġail;
“Is fearr dúinn-ne fanaṁaint go fóil, go
ndeanfamuis lón araon.”

VIII.

“Le fanaṁaint go ndeanfamuis lón, do
caiṫfiḋe cuid ṁór d’ ár saoġal;
“Is fearr dúinn-ne toiseaċ go h-óg a’s
beiḋ cuidiuġaḋ d’ár gcoḃair arís;
“Lean tusa mise ’san ród, ’s ní heagal
duit buaiḋreaḋ an tsaoġail—
“Mise ḃeiṫ ’cruinniuġaḋ an lóin, a’s ġeaḃa
tusa do lóistín saor.”

IX.

“Dá leanainn-se ṫusa ’san ród, buḋ ġoirid
go dtógfá ḋíom,
“Go dtoiseóċṫá ag imirt ’s ag ól, ’s buḋ
ġoirid buḋ lón ṫú féin;
“Aċt fan ar an ḃaile ’mo ċoṁair, ’s beiḋ
mé ar an nós leat féin;
“Ġeaḃa tusa talaṁ go leór ⁊ mise go
deóiḋ mar ṁnaoi.”

X.

Ní ḟeudaim í ṁolaḋ le feoḃas; ’sí ṁearaiġ
go mór mo croiḋe;
Ní ’l duine dá ḃfeicfeaḋ an seód naċ
dtuitfeaḋ go mór ag caoi.
Ní ḟaca mé a leiṫeid go fóil i mbealaċ a
ġaḃaim ’san tsliġiḋ;
Dá ḃfeicfiḋe í i mBaile na Mór, ḃeiḋeaḋ
cailíní óga ar ṗiġinn!

Gluais ar an Aḃrán ṡuas.

Dob’ é uġdar an aḃráin so Peadar Breaṫnaċ, táilliúir do ḃí i n-a ċoṁnaiḋe leaṫ-ċeud bliaḋan ó ṡoin i mBaile na Mór i gCondae Ḋúin na n-Gall, áit ṫar a dtig sé ’san ḃfearsa déiḋeanaċ. Fuaras ó ṁnaoi é darab ainm Máire Níc Conaċáin, ċoṁnaiġeas i nAlt an Dois, i nGleann na Suiliġe, ’san gCondae gceudna. Dá ṁeud dá ṁaoiḋtear filiḋeaċt Ṁuṁan nó Ċonnaċt, measaim féin naċ gcualas riaṁ dán ba ḃinne briaṫra ná ba ċeólṁaire clóḋ ioná é so.


Stanza 1.— Breaṫn’ainn = breaṫnóċainn: for similar shortenings peculiar to the Ulster dialect, compare stanza 6, socr’amar, stanza 7, ṡaoṫru’im; and congḃuiġeann in stanzas 4 and 6, to be pronounced coinn’eann; Tír Mhór = the mainland.
„ 2.—
Ghlac mé go mór = I took seriously.
„ 3.—
Mur = muna; os coinne mo ṡróna = before my nose, straight on; ’un = ċum.
„ 4.—
Gaḃ ṫusa = go you; rapáil = rap, from the English; Fuair mé = I got, reached; faiteaċ = timid, reluctant; faitċeas in Donegal means bashfulness, &c.; eagla means fear. Cf. faiteċ, careful, faitċeas, caution. Passions and Homilies. Féin is pronounced fín in this and following stanzas.
„ 5.—
Gaḃáil ċeóil, taking music, singing; coṁarṫa, a sign (of respect).
„ 6.—
Galún Ui Dhoṁnaill, O’Donnell’s gallon, doubtless a proverbial measure among the people; coṫrom, balance.