Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
14
THE GAELIC JOURNAL.

shameless woman. An inġíon agus an ṁáṫair beirt a ḃiḋeann páirteaċ, the mothers and the daughters are generally on the same side. Is dearaṁaċ le suaiṁneas malairt gnóṫa, a change of business at intervals during the day is like a rest.

From Co. Cork.—Ní ḟuil gaol ag aon re saoi gan seun, nobody claims relationship with the unprosperous. Ní aṫruiġṫear gné an duiḃ-sméir, the aspect of the blackberry is not (cannot be) changed. Ní ḟuil fiaḋta aċt duine dona, only a bad person is peevish. Riaġail d’réir oideaċais, rule according to instruction. Rí míoḟoġlumṫa a’s asal corónta, an uneducated king is like an ass crowned. Soiġṫeaċ folaṁ is mó torann, empty vessels make the greatest sound. Glan a’s slán ḋealruiġeas éadaċ táir, clean and whole make poor clothes shine. Beaṫa ḋuine a ṫoil má ṡeaċnann se a aiṁleas, a man’s will is his life, if he avoids evil. Is feárr “so é.” ’Ná “cá ḃ-fuil sé,” “here it is” is better than “where is it?” Is fuar cumann caile, cold is the affection of an old hag. Foiġid leiġeas gaċ sean-ġalair, patience is the (best) cure for old diseases. Gan ċiste is fuar an ċlú, without treasure, repute is cold. Iomadúṁlaċd gaoil air ḃeagán ċarad, abundance of relatives but few friends. Is minic do ḃí gránda geanaṁail agus daṫaṁuil dona, the ordinary are often amiable, and the beautiful unfortunate. [Eudan gránda geanaṁail, eudan deas air ṁistire=“mitcher.”—Meath]. Mairg ṫréigeas a ḋuine gnáiṫ, air ḋuine ḋá ṫráṫ nó trí, woe to one who forsakes a tried acquaintance for one of two or three days. Ní’ ḟuil agam aċt an beagán ’s is folláin dam féin e, I have but little, and that is wholesome for myself. Caoṁnann dóċas an t-inġreamaċ, hope protects the oppressed. Ní ionnsuiġeann gaċ aon an t-anaċ cóir, all do not approach the just path.


DONEGAL GAELIC SONG.



Fan ar an Ḃaile ’mo Ċoṁair.


I.

Ċuaiḋ mé seal tamaill ar ċuairt go
mbreaṫn’ainn féin uaim an speur,
Ṫart fá na hoileáin a’ ruaig, mar ḃeiḋeaḋ
eilit a’s cú ’n-a déiġ;
Casaḋ ḋam cailín beag óg, ’s má casaḋ, ’s
í laḃair go geur—
“Má ’s duine ṫú ḃain do ṁnaoi óig, ní
ṁolaim go mór do ṫrade.

II.

“Ċonnairc mé fear ar Ṫír Ṁóir ag
imṫeaċt gan ḃróig andé;
“’Sé ṁeasaim, gur tusa an fear óg a raiḃ
siad ’san tóir ’n-a ḋéiḋ.”
D’ ḟreagair mé an ainnir, gan ḃróid gur
ġlac mé go mór a sgeul,
“Stad do ċuid beadaiġe níos mó; ní duine
do’n tseórt sin mé.

III.

“Mur druidfiḋ tú anall dom’ ċoṁair a’s
leigean do ġlóir gan féiḋm,
“Raċaiḋ mé os coinne mo ṡróna amaċ ar
Ṫír Ṁóir ar léim.”
Ṫuit mise ’un tursa ’s ’un bróin a’s d’ḟiaf-
raiġ do ’n óg-ṁnaoi ċaoin,
“Cá ḃfuiġḃeaḋ sinn glaine le hól, do
ṫógfaḋ an brón seo dínn?”

IV.

“Tá teaċ beag ar leaṫ-taoiḃ an róid, a’s
congḃuiġeann sé i gcoṁnaiḋe braon;
“Gaḃ ṫusa ⁊ rapáil an bórd, ’gus
díolfaiḋ mé an scór mé féin.”
’Nuair fuair mé go tiġ ṁic an óil, ba
faiteaċ go leór mé suiḋe,
Ar eagla go dtiucfaḋ an tóir, ’s go mbain-
fiḋe an óig-ḃean díom.