Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/173

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
163
THE GAELIC JOURNAL.

EXERCISE LXXV.

§ 453. IRREGULAR WORDS. c.

Some few words are irregularly pronounced because some consonants in them are not pronounced fully.

§ 454. Thus in a few words the three consonants ngn are contracted to N in pronunciation.

congnaḋ not kŭng′-nă but kooN′-ă, help.
iongnaḋ ŭng′-nă or, oo′-Nă, wonder.
iNG′-nă
diongnaḋ diNG′-nă dee′-Nă.

In Connaught, kooNoo, eeNoo, deeNoo.

§ 455. In many words

dṫ are pron. t (t = d + h)
gṫ c (k = g + h)
ḃṫ f (f = v + h)
ṁṫ
mp
Thus séidṫe, pron. as séite
leagṫa, leaca
líoṁṫa, líofa
O’Duḃṫaiġ (O’Duffey), ō dhuf′-ee
O’Coḃṫaiġ (O’Coffey), ōkŭf′-ee
iomċur, ŭmpur
timċeall, timpăL
lúṫṁar, lúfar

[This is not to be imitated.]

§ 456. The names of rivers are feminine.

an Ḃóinn, ăn Wōn, the Boyne.
an Ḟeoir, „ yōr, the Nore.
an Ḃearḃa, „ var′-wă, the Barrow.
an Laoi, „ lee, the Lee.
an Ḟeaḃail, „ ou′-ĕl, the Foyle.
an Life, „ lif′-ĕ, the Liffey.
an Éirne, „ aer′-nĕ, the Erne.
an Ṁuaiḋ, „ Woo′-ee, the Moy.

MARḂRAINN.


PÁDRAIG STÚNDÚN AR ḂÁS AN ĊLIAR-ṠAOI E.D. MAC CLIAḂAIR, MAIĠISTIR EALAḊNA.

Cloisim liúġ ḋian-ġuḃaċ óṁaċ,
Liúġ ḟad-ċuṁaċ ṫúirseaċ ḃrónaċ,
Liúġ ṫar triúċ, go ḃfuair ár gcoṁṫaċ
Ionṁain oineaċ bás!

Tá bualaḋ bas ar ṡleasaiḃ Éireann,
Bualaḋ duasaċ truaġ gan téarmonn—
D’imṫiġ uaiṫne uainn le héigean,
Fuair ár gcara bás.

Is balḃ laḃairt lag na Gaeḋilge;
Ċaill sí cungnaṁ fionn na féile;
Do leagaḋ luam searc-ḃuan a cléiḃe,
Fuair a cara bás.

Do creaċaḋ teanga ṡáiṁ ár dtíre,
Creaċaḋ í faraoir do ríriḃ,
Tá sí fann ó lann geur niṁneaċ,
Fuair a cara bás.

Cad déarfad féin? mo leun na tuara!
Táim gan ġaois, go díṫleaċ suaraċ,
Ní’l rinn am’ rann, mo ġreann do fuadaḋ—
Fuair mo ċara bás.

A ċara ċaoiṁ ḋeiġ-ġníṁ MicCliaḃair
Nár ḃus doċt ná droċt ná diaṁair
D’ionad aċt i ḃfoċair liaiġ-ḟir
Neiṁe—bruiġean gan bás.

Corcaċ, deireaḋ na Saṁna, 1894.

[Ní ṫáinig linn an duan so do ċur fá ċló an ṁí se do ġaḃ ṫarainn.]

SEAḊNA

(Ar leanaṁain)

Peg. Dé ḃeaṫa-sa,[n 1] a Ċáit!

Cáit. Go mairir-se, a Ṗeg! Ní deirim ná[d 1] go ḃfuil[n 2] tosaċ agam anoċt.

Peg. Ambasa, tá, tosaċ agat orṫa go léir aċt ar[d 2] Ṡíle ḃig.

Cáit. Cionnus[d 3] d’ḟéadfainn tosaċ a ḃeiṫ agam ar Ṡíle ⁊ í annso i gcoṁnuiḋe agat?

Síle. Beiḋ tosaċ ar gaċ aon-ne’[d 4] anois aici ó tá mac óg agá deirḃṡiúr.

Peg. Éist, a ṫoice. Cionnus tá Nell, a Ċáit?

Cáit. Tá sí go hana-ṁaiṫ,[d 5] a Ṗeg, ⁊ tá an leanḃ go maiṫ leis, ⁊ ó go deiṁin ⁊ go dearḃṫa, a Ṗeg, isé an leanḃ is deise ⁊ is gleoiḋte ⁊ is gile a ċonnairciḋis[d 6] riaṁ ad’ ṡúiliḃ cinn é, ⁊ is mise a ṁáṫair.

Peg. Tusa! Ċeapas gur ḃ’ í Nell a ṁáṫair.

Cáit. Airiú cnoc air mar sgeul! dár ndóiċ isí leis. Aċt is mise a ḃaist é.