Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/121

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
117
THE GAELIC JOURNAL.

SEAḊNA.

(Cois na teineaḋ: Peg, Nóra, Gobnuit, Síle ḃeag, Cáit ní Bhuaċalla).

Nóra. A Ṗeg, innis sgeul dúinn.

Peg. B’ait liom sin![1] Innis féin sgeul.

Gob. Ní’l aon ṁaiṫ innti, a Ṗeg; b’ḟearr linn do sgeul-sa.

Síle. Déin, a Ṗeg; beiḋmíd ana-ṡocair.

Peg. Naċ maiṫ nár ḟanais socair aréir, ’nuair ḃí “Madra na n‑Oċt gCos” agam dá innsint!

Síle. Mar sin ní stadfaḋ Cáit ní Ḃuaċalla aċ am’ ṗriocaḋ.

Cáit. Thugais d’éiṫeaċ! Ní raḃas-sa ad’ ṗriocaḋ, a ċailliċín!

Gob. Ná bac í féin,[2] a Ċáit; ní raiḃ aoinne’ dá priocaḋ aċ í dá leigint uirṫi.

Síle. Do ḃí, astóin;[3] agus muna mbeiḋeaḋ go raiḃ, ní liúġfainn.

Nóra. Abair le Peg ná liúġfair anois, a Shíle, ⁊ inneósaiḋ sí sgeul dúinn.

Síle. Ní liúġfad, a Ṗeg, pé rud imṫeóċaiḋ orm.

Peg. Má’s eaḋ, suiġ annso am’ aice, i dtreó ná féadfaiḋ aoinne’ ṫú ṗriocaḋ gan fios dom.

Cáit. Biḋeaḋ geall go bpriocfaiḋ an cat í. A ṫoice[4] ḃig, ḃeiḋeaḋ sgeul breaġ againn, muna mbeiḋeaḋ tú féin ⁊ do ċuid liuġraiġe.

Gob. Éist, a Cháit, no cuirfir ag gul í, ⁊ beḋmíd gan sgeul. Má ċuirtear fearg ar Ṗeg, ní inneósaiḋ sí aon sgeul anoċt. Seaḋ anois, a Ṗeg, tá gaċ aoinne’ ciuin, ag braṫ ar sgeul uait.

Peg. Ḃí fear ann fad ó, ⁊ is é ainm do ḃí air, Seaḋna; ⁊ greusaiḋe b’eaḋ é; ḃí tiġ beag deas clúṫṁar aige ag bun cnuic, ar ṫaoḃ na foiṫine; ḃí caṫaoir ṡúgán aige do ḋéin sé féin do féin, ⁊ ba ġnáṫ leis suiḋe innti um ṫráṫnóna, ’nuair ḃiḋeaḋ obair an lae críoċnuiġṫe; ⁊ ’nuair ṡuiḋeaḋ sé innti, ḃiḋeaḋ sé ar a ṡástaċt. Ḃí mealḃóg mine aige, ar croċaḋ[5] i n‑aice na teineaḋ; ⁊ anois ⁊ arís ċuireaḋ sé a láṁ innti, ⁊ ṫógaḋ sé lán a ḋuirn de’n ṁin, ⁊ ḃiḋeaḋ sé dá cogaint ar a ṡuaiṁneas. Ḃí crann uḃall ag fás ar an dtaoḃ amuiċ de ḋorus aige, ⁊ nuair ḃiḋeaḋ tart air ó ḃeiṫ ag cogaint na mine, ċuireaḋ sé láṁ ’sa ċrann san, ⁊ ṫógaḋ sé ceann de ’sna h‑uḃlaiḃ, ⁊ d’iṫeaḋ sé é.—

Síle. Ó, a Thiarcais![6] a Ṗeg, nár ḋeas é!

Peg. Ciaco, an ċaṫaoir nó an ṁin nó an t‑uḃall, ba ḋeas?

Síle. An t‑uḃall, gan aṁrus!

Cáit. B’ḟearr liom-sa an ṁin; ní ḃainfeaḋ an t‑uḃall an t‑ocras de ḋuine.

Gob. B’ḟearr liom-sa an ċaṫaoir, ⁊ ċuirfinn Peg i n‑a suiḋe innti, aig innsint na sgeul.

Peg. Is maiṫ ċum plámáis tú, a Ġobnuit.

Gob. Is fearr ċum na sgeul ṫusa, a Pheg. Cionnus d’imṫiġ le Seaḋna?

Peg. Lá dá raiḃ sé ag déanaṁ bróg, ṫug sé fé ndeara ná raiḃ a ṫuille[7] leaṫair aige, ná a ṫuille snáiṫe, ná a ṫuille céireaċ. Ḃí an taoiḃín[8] déiḋeanaċ ṡuas, ⁊ an greim déiḋeanaċ curṫa; ⁊ níorḃ ḟuláir do[9] dul ⁊ aḋḃar do ṡoláṫar sul a ḃfeudfaḋ sé a ṫuille bróg a ḋéanaṁ.

Do ġluais sé ar maidin, ⁊ ḃí trí sgillinge ’n‑a ṗóca, ⁊ ní raiḃ sé aċt míle ó’n dtiġ ’nuair ḃuail duine boċt uime, aig iarraiḋ déirce. “Taḃair ḋom déirc ar son an tSlánuiġṫeora, ⁊ le h‑anmannaiḃ do ṁarḃ, ⁊ tar ċeann[10] do ṡláinte,” ars an duine boċt. Ṫug Seaḋna sgilling dó, ⁊ annsan ní raiḃ aige aċt ḋá sgilling. Duḃairt sé leis féin go mb,ḟéidir go ndéanfaḋ an dá sgilling a ġnó.

Ní raiḃ sé aċt míle eile ó ḃaile ’nuair ḃuail bean ḃoċt uime, ⁊ í cos-noċtuiġṫe. “Taḃair ḋom congnaḋ éigin,” ar sisi, “ar son an tSlánuiġṫeora, ⁊ le h‑anmannaiḃ do ṁarḃ, ⁊ tar ċeann do ṡláinte.” Do ġlac truaiġe dí é, ⁊ ṫug sé sgilling dí, ⁊ d’imṫiġ sí. Do ḃí aon sgilling aṁáin annsoin aige, aċt do ṫiomáin sé leis,[11] a braṫ air go mbuailfeaḋ sians éigin uime a ċuirfeaḋ ar a ċumus a ġnó a ḋéanaṁ.[9]

  1. 9.0 9.1