Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/120

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
116
THE GAELIC JOURNAL.

Their mother died, their heart (gree′-ĕ) is broken, We have our health yet.

§ 397. THE “OUR FATHER.”

An Ṗaidir.

Ar n-Aṫair, atá ar neaṁ, go naoṁṫar tainm; go dtigiḋ do riġeaċt; go ndeuntar do ṫoil ar an talaṁ mar ġníṫear ar neaṁ. Taḃair ḋúinn indiu ar n-arán laeṫeaṁail, agus maiṫ ḋúinn ar ḃfiaċa mar ṁaiṫeamuid dár ḃféiċeaṁnaiḃ féin; agus ná léig sinn i gcaṫuġaḋ, aċt saor sinn ó olc. Amén.

An fwad′-er,

ăr nah′-ir a-thau′ er nav gŭ Naev′-hăr than′-ăm; gŭ dig′-ee dhŭ ree′-ăCHth; gŭ naen′-thăr dhŭ hel er ăn thol′-ăv mor nee′-hăr er nav. Thou′-ăr γoon in-yoo′ ăr năr-aun′ Lae′-hoo-il, ogus mah γoon or vee′-ăCh-ă mor wah′-ăm-id dhăr vae′-hoon-iv faen; ogus Nau laeg shin ă goh′-oo, oCHth saer shin ō ŭlk om-aen′. The title means “The Pater,” from the word with which the prayer begins in Latin.


FAOISIDIN AN ÓIG-ḞIR:

Leis an gCraoiḃín Aoiḃinn.

Ó d’ḟás me suas ḃeiṫ láidir mór,
Ó fuair mé stór agus cisde ḃeag,
Ó ċuaḋas ar cuairt ar fud na dtíorṫa,
Tá m’anam ciapṫa go boċt ’s go lag.

Ní ġaḃaim aon aḃrán, ní ṫig liom é,
Aċt bean agus spré ag riṫ im’ċeann;
Is fada faraor ó do léiġ mé dán;
Tá mé ar fán ⁊ tá mé gan greann.

Ní hionann mé agus ḃí mé tráṫ;
Do ḃí mé lá a’s dá ḃfáġainn leaḃar,
Do ċromfainn dá léiġeaḋ ar feaḋ an lae,
Go gcaillfinn ó’n léiġeaḋ mo lúṫ ’s
mo ṁeaḃair.

Do gcuirfeá amáraċ ar mo láiṁ
An leaḃar is fearr dá ndearna peann,
Ní ḟosglóċainn an ċlár—’sé mo ṁeas dá
ríriḃ
Naċ raċaḋ aon lín ḋé ann mo ċeann.

Do ḃí mé lá, a’s níor ġnáṫ liom riaṁ
Ḃeiṫ fallsa díoṁaoineaċ mar atáim,
Aċt ag gaḃáil aḃrán ’s ag léiġeaḋ sgríḃinn,
Agus ḃiḋeaḋ m’intinn ró-ṫe ’s ró-
lán.

Naċ mór an t-aṫruġaḋ ṫáinig orm,
Agus mise ’san ḃfoirm-se ’dul ar
strae,
Ní ṫuigim féin an nós dá leanaim,
’S ar uairiḃ measaim naċ mé mé.

Cleasa an tsaoġail a’s gráḋ do’n doṁan
A’s taḃairt do roġain ḃeiṫ ’g iarraiḋ
óir,
Is iad do ruaig mo ċroiḋe im’ ċliaḃ
Mar ḟiaḋ ar ṡliaḃ ’sna coin ’n-a ṫóir.

Adeirim liom féin ceud míle uair
Naċ ḃfuil aċt luaiṫreaḋ in san ór,
Naċ ḃfuil san mbeaṫa aċt séideog gaoiṫe,
’S gur fír-neiṁníḋ an stoc ’s an stór;

Naċ ḃfuil ’sna ríġṫiḃ is mó aċt daoine
’S naċ ḃfuil ’sna daoiniḃ aċt cárnáin
ċré—
Dá ṁeud a n-abraim, dá ṁeud a smaoinim,
Ní ṡocruiġim i m’inntinn, ní ṫiġ liom é.

A Íosa Ċríost, fuair bás Dia hAoine
Ar son na ndaoine le pionús mór,
Díbir an tsaoġaltaċt as mo ċroiḋe-se,
An t-eallaċ, an talaṁ, an stoc, ’s an
stór.


MUNSTER COLLOQUIAL IRISH.

We wish to direct the attention of students to the following specimen of Munster Irish, one of the best samples, if not the very best, of Southern popular Gaelic that has ever been printed. This has been sent by the same contributor who has enriched several recent Nos. of the Journal, the Rev. Father O’Leary, P.P., Castlelyons.