Page:Irische Texte 1.djvu/194

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
172
VII Fís Adamnáin.

[LU:]
do ardecnaid íarthair domain, labairthir sund, día ro escomla a anim asa churp hi feil Iohain Baptist, ocus día rucad dochum richid co n‑ainglib nimi ocus iffrind cona dǽscorṡlúag. O ro scar íarom ind anim frisin corp, ro arthraig fo chétóir di aingel a comái­techta céin bai bi colaind, ocus ros fuc leis ar thús do fegad flatha nimi.

4. Issi dan cétna tír coso-rancatár, tír na næb. Tir sutach solusta iarom in tír sin. Airechta écsamla inganta and co caslaib lín gil impu, co culpaitib glegelaib úasa cennaib. Naim airthir in (p. 27b:) domain ina n‑airiucht fo leith i n‑airthiur thiri na næm. Naim iarthair in domain dan i n‑iarthur in tíre cetna. Naim thuascirt in domain dan ocus a descirt ina n‑dib n‑airech­taib dermáraib tess ocus tuaid. Cach oen iarom fil i tír ina nǽb, is comfocus do estecht inna ceól ocus innith­migud inna luinge hi failet nói n‑gräd nime iarna cémennaib ocus iarna n‑urd.


[LBr:]
naid iarthair domain, inni pritchaithir súnd, dia ro escomla a ainimm asa chuirp hi feil Eoin bauptaist, ocus dia rucad dócum richid co n‑ainglib nime ocus iffirn cona doescur­sluag. O ro scar a animm Adamnáin ria chorp, ro artraig fo cetoir dó aingel a choemteachta cein bói i colaind, co ruc lais for tús d’athascnam flatha nime.

4. Is e din cetna tír cusa rancatar, i. tír na noem. Tír ṡuthach solusta tra in tír sin. Oirechta ecsamla inganta and co casraib lín gil immpu, co culpatib glégela uasa cendaib. Nóim oirthir domain i n‑oirecht fó leith i n‑oirthur tíre na noem. Nóim iarthair domain i n‑iarthur in tíre cetna. Noim tuaiscirt ocus deiscirt in domain andib oirech­taib dermairib tess ocus tuaid. Cech noem iarom fil i tír na noem, is comḟocus éstecht na ceol ocus indeth­miugud na luinge i filet nói n‑graid nime iar ceimen­daib ocus iar n‑urd.