Page:Eshirt (Ó Laeri).djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
8
ESHIRT.

CAIBIDIL A DÓ.

ESHIRT A NEÂUIN.

Ví an leah er shúl a nEâuin. Ví maha agus muar-ueshli Ula bailihi a vochuir Earaguish vic Lédi, díreach fé mar a ví maha agus muar-ueshli tuaha Luchra agus 205 Luprachán bailihi a vochuir Údáin. Háinig Eshirt go doras an ry-hí. Chroh shé a leasc ileata. D’airig an dóirshóir an fuem agus háini shé amàch. Do leah a viàl agus a ghá húil er an nóirshóir nuer 210 a chnuic shé an firín beog gleóiti, deas, fearûil, uasal, luemineach, súil-aibig, agus é chô beog sun go roiv an fiàr glas, beárha, a ví er faha na Hâuna, a dol suas har glúiniv er, suas go “râur a 215 hliasda,” shé shin, leah shlí suas er cearhûnuiv er.

Do rih an dóirshóir ishdeàch

“Ó, a ghuíni!” er shishan, “an firín beog is deshi agus is lú a chnuic éngi ryav tá shé 220 amùh ig an noras!”

Freabadar go lér ’na sy.

“Vuil shé chô beog le Hé?” er shiad.

Ouc ab ea É, agus ví shé ana-léanta. B’é Olav Ula é, agus ví shé chô beog sun go mereach 225 na fir er a masiv leó é.