"Agus Niġeaċán?” arsaiġ an Gárlaċ. “Ní heaḋ, Niġeaċán,” arsaiġ Eiḃlís, agus ṫáinig olc uirre ċuige.
“Ó, má’s eaḋ,” arsaiġ an Gárlaċ, “níor scoil ró ṁaiṫ ḃúr scoil-se,” agus ṫeasbáin sé go raiḃ áṫas air é ḃeiṫ le ráḋ aige. “I dTuarascḃáil na scoile a raḃasa ḃíoḋ an méid seo mar aguisín leis — “Ar Ḟrainncís, Ceol, agus Niġeaċán beiḋ breis díoluiġeaċta."”
“Ní mórán gáḋ ḃí agat le Niġeaċán ná le haon rud eile ṫíos fén ḃfarraige,” arsaiġ Eiḃlís.
“Níorḃ’ acfuinn dom é d’ḟoġluim, a ċuigint,” arsaiġ an Gárlaċ, go truaiġṁéileaċ, agus le n-a linn sin ċuir sé osnaḋ as. “Níor ḃac mé le haon rud,” ar sé sin, “aċt leis an réim léiġinn coitċionta.”
“Cad iad na haḋḃair léiġinn ḃí ’sa réim sin?” arsaiġ Eiḃlís.
“Ḃí,” ar sé, “Saint, Maoiḋeaṁ, agus Sníoṁ, ar an gceud dul síos; agus annsin ḃí Áirṫiġe agus gaċ craoḃ eile a ḃaineann leis an ealaḋain sin mar atá Toṁas, Leaṁas, agus Grabaireaċt. Taḃair an leaḃar leis gur ċruaiḋ é an Grabaireaċt.”
“Níor airiġ mé riaṁ tráċt air,” arsaiġ Eiḃlís. “’Dé rud é, ar son Dia?”
“Ó, Dia linn a’s caḃair ó Ḋia ċuġainn!” arsaiġ an Ollṗiast, “éist leis an óinseaċ gearrċaile adeir nár airiġ sí riaṁ tráċt ar Ġrabaireaċt — í sin a ḃfuil gob uirre ċum gobaireaċta agus soc uirre ċum socaireaċta - ar ḃfallaing, a ċailín! go múinfinn-se ḋuit é agus gan a ḃeiṫ i ḃfad ar a ṫí.”
Is beag a ḟonn ḃí ar Eiḃlís a ṫuille