Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/120

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
112
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

"Ṫugamair Sean-Ṗortán air,” arsaiġ an Gárlaċ go feargaċ, “mar go mbíoḋ sé ag portġail dúinn; naċ dall atá tú!”

“Ba ċóir duit náire ḃeiṫ ort,” arsaiġ an Ollṗiast léi, “a leiṫéid de ċeist a ċur ar aon Ċríostuiḋe beo,” agus d’ḟeuċ an ḃeirt aca isteaċ idir an dá ṡúil ar Eiḃlís ḃoċt, agus dob’ ḟearr léi go dtuitfeaḋ an spéir uirre nó go sloigfeaḋ an talaṁ í, ḃí an oiread sin náire uirre. “Tomáin leat, a ḋuine ḃoiċt!” arsaiġ an Ollṗiast leis an nGárlaċ, “agus ná caiṫ an lá ar fad ag gaḃáil dó.” Lean sé air: “’Seaḋ! ċuaḋamar go dtí’n scoil ’sa ṁuir ṁóir, aċt is dóċa naċ ró ṁaiṫ a ċreidfí é …”

“Ní duḃrasa riaṁ nár ċreideas é!” arsaiġ Eiḃlís.

“Duḃairt tú!” arsaiġ an Gárlaċ. “Éist do ḃeul!” arsaiġ an Ollṗiast fé raiḃ uain ag Eiḃlís focal eile a ráḋ, agus lean an Gárlaċ air ag innsint a scéil.

“Fuaireamar an léiġeann agus an t-oideaċas is fearr ḃí le faġáil — ḃíomair ag an scoil gaċ aon lá …”

“Ċuaḋas-sa go dtí an scoil leis,” arsaiġ Eiḃlís, “agus níorḃ’ scoil na bprátaí rósta é; ’sa tsliġe naċ ceart duit-se ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ as do ċuid léiġinn agus as do ċuid scolaiḋeaċta.”

“An scolaiḋeaċt ċoitċionta, is dóċa!” arsaiġ an Gárlaċ, le roinnt searḃais, “ní ḃfuair tú aon ṗioc den scolaiḋeaċt ná den léiġeann ġalánta.”

“Fuaireas, ṁuise,” arsaiġ Eiḃlís, “d’ḟoġ- luimiġeas Frainncís agus Ceol.”