Page:Donnbó agus Rígh-Sgéalta Eile - Ó Muirgheasa.pdf/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
vi
Roiṁráḋ

Fuaras an sgéal “Donnbó” ’san Manners and Customs of the Ancient Irish, Vol. iii., pp. 309-12.

Geoḃtar an sgéal fa dtaoiḃ do “Ḃaile Mac Buain” ’sa’ leaḃar eile de ċuid Uí Ċoṁraiḋe, Manuscript Materials of Irish History, pp. 472-4, aċt is ’san láiṁ-sgríḃinn H. 3.18 i gColáiste na Trionóide, i mBaile Áta Cliaṫ, atá príoṁ-ḃunaḋas an sgéil adaiḋ.

An treas sgéal, “Béal Cú agus Conall Cearnaċ,” ġeoḃtar i “Laoite na nGaeḋeal i nIarṫar,” no Lays of the Western Gael, do sgríoḃ an Ridire Soṁairle Mac Fearġusa é. Ċan ḟacas príoṁ-ḃunaḋas an sgéil ariam.

Már tá dúil ag Dáil Ulaḋ go gcuirfiḋ an leaḃar seo i n-úsaid mar léiġṫeóir ins na sgoileannaiḃ náisiúnta, ċaiṫear isteaċ giota filideaċta mar ḃí ’ḟios agam go mbéaḋ sé a ċeiṫre ar na páisdiḃ do réir cláir an Ḃuird Náisiúnta. Agus ċa raḃ eolas agam ar ġiota níos deise no níos foireaṁnaiġe ’ná “Laoi na Seilge.” Cibé, ċar ċuireas isteaċ aċt an ċuid di a dtráċtas ar an tseilg féin. D’ḟágas amaċ an ċonspóid fada eadar Oisin agus Pádraig, agus na rannta eile ag tráċt ar Ċonán mac Morna agus ar na rudaiḋ aduḃairt sé is a rinne sé nuair a ṡaoil sé go raḃ Fionn ṫíos go deóiḋ.

Baintear an Laoi seo as láiṁsgríḃinn atá anois agam féin. Sgríoḃaḋ i gCondae Ṁuineaċáin no i gCondae Lúġḃaiḋ í, ’san mbliaḋain 1737, agus fear dar ḃ’ainm Eoġan Ua Mearáin do sgríoḃ í fá ḋéin