Page:Donnbó agus Rígh-Sgéalta Eile - Ó Muirgheasa.pdf/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

ROIṀRÁḊ.


Is sgéalta Ulaḋ na trí sgéalta atá ’san leaḃar seo.

Ríġ-sgéalta atá ionnta fósta, agus atáid ag baint leis an aimsir agus leis an saoġal a ḃí i nÉirinn fad ó, nuair a ḃí muinntir na hÉireann imeasg na ndaoine is uaiḃriġe ar ḋruim an domain.

Ċan mar sin atáid indiú, aċt buiḋeaċas do Ḋia tá an sean spiorad ag teaċt ar ais arís; tá ar gcroiḋṫe ’ġá líonad le doċas, agus is dual duinn na sean sgéalta uaiḃreaċa mórtasaċa a ḃeit againn arís.

Go h-áiriġṫe is dual do’n aos óg na sgéalta seo a léiġeaḋ; is cóir dóḃṫa a ḃeiṫ súiġte ó smior go croiceann i seanċus uasal na hÉireann. Aċt is doiliġ doḃṫa a ḃeiṫ mar sin coṁ fad is tá an sean- ċus sin aḋlaicṫe i láiṁ-sgríḃniḃ faoi ġlas, no i leaḃraiḃ móra daora atá coṁ gann beagnaċ leis na láiṁsgríḃniḃ féin.

Seo dórnán de na sean sgéaltaiḃ ’san leaḃráin seo anois. Baintear an ċead is an dara sgéal as leaḃraiḃ Eóġain Uí Ċoṁraiḋe, aċt níl in sna leaḃraiḃ adaiḋ aċt cnáṁa na sgéalta, agus rinne mise iarraiḋ feoil agus croiceann agus cosaṁlaċt ḃeaṫa a ċur orṫa.