Page:Description d'un parler de Kerry.pdf/214

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
196
INGHEAN AN CHEANNAIDHE

mhéir? Do stad sé ach ní mór ná gur thuit sé as a sheasamh. « Cad tá ort, a dhuine uasail? » arsan máta. « Cá bhfuairis an fáinne sin ar do mhéir? » arsan captaen. « Ó, a dhuine uasail », arsan máta, « nár chuiris do long i ngeall liom go raibh do bhean dílis duit? Sin comhartha agat go bhfuileann tú id’ chucól agam ». Do ghlac rabharta feirge an captaen, ach níor leig sé aon nídh air.

Do bhuail sé an cé isteach agus bhí Máire Bhán agus a leanbhín álainn roimis agus sceitimíní uirthi ag fáiltiughadh roimis. Ach níor leig sé air go bhfeacfaidh sé í. Do bhuail sé isteach is do shuidh sé ar chathaoir i n‑a sheómra. Do lean sí é. « Feuch, a chaptaen », ar sise, « do leanbhín gleóidhte ». « Is cuma liom-sa », arsan captaen, « ach cá bhfuil an fáinne a bhí ar do mhéir? » « Ar m’fhocal duit, a chéile chneasta », ar sise, « ná fuil fhios agam connus a chailleas é no cár imthigh sé uam ». « Beidh fhios go maith agat nuair a chífidh tú arís mé », arsan captaen. D’eirigh sé ó’n gcathaoir agus do bhuail sé an dorus amach gan slán fhágaint aici.

Sin é an uair a bhí an brón agus an briseadh croidhe ar an gcailín bocht. « Is truagh cráidhte », ar sise, « nár dheineas rud ar m’athair. Dob’fhiriste dom buachaill grádhmhar a fhagháil lé pósadh ». Ní fada nuair a bhí (sí) an méid sin buadhartha curtha aici di. Do ghlaodh sí chúichi buachaill go raibh ionntaoibh mhaith aici as. « Ní bheidh tú », ar sise leis, « aon ní chun deireadh leis an méid cúraim atá agam le cuir ort. Tá an captaen imthighthe le feirg ó’n dtigh. Imthigh-se agus lean é, agus ná bíodh fhios aige go bhfuileann tú ag deunamh aon aireacháin i n‑a dhiaidh. Pé áit no pé tír go mbeidh stuidéir air, tair chugham-sa le scéala agus is maith é do luach saothair ».

Do thug sí rainnt airgid don mbuachaill is as go bráth leis. Do lean sé an captaen riamh agus choidhche nó gur bhain sé amach baile beag atá beagán slighe amach ó Pháras na Frainnce. Do luigh sé isteach mar chléireach siopa i dtigh mór cúraim. Nuair chonnaic an buachaill go raibh luighte isteach chun oibre, d’fhill sé agus do tháinigh sé ag triall ar Mháire Bhán. D’innis sé di a chúrsa tríd síos. « Tá go h‑anamhaith, a bhuachaill », ar sise. « Fan timpall an tighe agus má’s bean mise a dhíolann ní bheidh tusa aon nídh chun deireadh leis an scéal ».